Jump to content

Creidmheasanna agus fritháireamh carbóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
World Bank - State and Trends of Carbon Pricing[1][2]

Tá dhá phríomhchineálacha de chreidmheasanna agus fritháireamh[3] carbóin: lamháltais astaíochtaí rialáilte agus creidmheasanna deonacha maidir le laghdú astaíochtaí.[4]

  • Is éard atá i gceist le lamháltas astaíochtaí rialáilte ná cead a gcaithfidh cuideachta nó áis é a cheannach nó a thrádáil chun aon tonna amháin dé-ocsaíde carbóin, nó a choibhéis de ghás ceaptha teasa a scaoileadh. Toisc go bhfuil costas ag baint le lamháltais agus gur féidir iad a thrádáil, tugann sé sin spreagadh chun a bheith níos éifeachtúla agus nuálach ionas go seachnófar ceannach lamháltas.
  • Is éard is creidmheas deonach maidir le laghdú astaíochtaí ná deimhniú a léiríonn go bhfuil gníomh glactha ag cuideachta nó ag pobal agus go bhfuil sé cruthaithe acu go bhfuil fíorlaghdú astaíochtaí bainte amach acu nó gur éirigh leo dé-ocsaíd charbóin a bhaint ón aer, trí mar shampla portach.

I gcomhaontuithe AE agus idirnáisiúnta áirithe, leagtar amach iontu freisin bealaí lenar féidir creidmheasanna carbóin a úsáid chun na spriocanna a bhaineann le hastaíochtaí a bhaint amach.[4]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh an Ciste Carbóin le Creidmheasa Carbóin agus aon sócmhainní eile a shealbhú le dualgais idirnáisiúnta Éireann i dtaca leis an t-athrú aeráide a chomhlíonadh. Is í an Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta atá freagrach as.[5] Faoin Acht um an gCiste Carbóin 2007, bunaíodh Ciste Carbóin i ndáil le ceannachán creidmheasanna carbóin chun forlíonadh a dhéanamh ar ghníomh maolaithe intíre. Tarmligeadh bainistíocht an Chiste ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a ceapadh freisin mar an ngníomhaire ceannaigh i ndáil le gnóthú na gcreidmheasanna riachtanacha seo. Tagraítear do chreidmheasanna carbóin sa reachtaíocht mar Aonaid Kyoto.[6]

Sa bhliain 2019, dúirt cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí Seán Fleming gur cur i gcéill agus fimíneacht atá sa chleachtas creidmheasanna carbóin a cheannach ó thíortha eile. Dúirt Fleming go bhfuil sé áiféiseach agus déistineach go bhfuil €87 milliún caite ag Éirinn in 2018 ar chreidmheasanna carbóin a cheannach ón iasacht "le ligean orainn féin go bhfuilimid ag cloí leis na spriocanna fuinnimh inathnuaite."[7]

Dúirt Oisín Coghlan ón eagraíocht chomhshaoil Cairde na Cruinne go bhféadfaí fíneálacha suas le €6 billiún a ghearradh ar Éirinn mura bhfuil na spriocanna atá leagtha síos maidir le sceití carbóin faoin mbliain 2030 bainte amach aici, agus go bhfuil an neamhghníomh níos costasaí i bhfad na haimsire ná an gníomh. [7]

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 20222, fuair an comhlacht Éireannach Treemetrics conradh 2 bhliain le íomháú satailíte agus anailísíocht sonraí a úsáid i gcomhar leis an teicneolaíocht atá forbartha acu féin le creidmheasanna carbóin foraoise a thomhais go beacht.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Price" (en). Carbon Pricing Dashboard (2023-10-30). Dáta rochtana: 2024-06-14.
  2. "Carbon Pricing Dashboard" (en). Carbon Pricing Dashboard. Dáta rochtana: 2024-06-14.
  3. nó cúiteamh carbóin
  4. 4.0 4.1 "Creidmheasanna Carbóin" (en-US). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2024-06-13.
  5. ntma.ie (2020). "An Ciste Carbóin - Tuarascáil Bhliantúil 2019". Dáta rochtana: 2024.
  6. ntma.ie (2015). "An Ciste Carbóin 2014". Dáta rochtana: 2024.
  7. 7.0 7.1 Nuacht RTÉ (2019-06-13). ""Cur i gcéill" is ea creidmheasanna carbóin ón iasacht" (as ga-IE). 
  8. "Maoiniú do 2 chuideachta ón nGníomhaireacht Spáis" (as ga) (2022-10-03).