Jump to content

Cáin charbóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
2017 sna S-A

Is éard atá i gcáin charbóin cáin a ghearrtar ar bhreoslaí astaithe carbóin (gual, móin, ola agus gás nádúrtha, mar shampla).[1] Tá an cháin charbóin bunaithe ar an bprionsabal go mba cheart don phairtí atá freagreach as astaíochtaí carbóin na costais a bhaineann leis na hastaíochtaí sin a íoc ("an truaillitheoir a íocann") trí chostas breoslaí iontaise a ardú . Tá an prionsabal sin bunaithe ar an smaoineamh go dhíspreagtar úsáid seirbhísí a bhfuil lorg carbóin ard i gceist leo, agus go gcruthaítear dreasachtaí do sholáthróirí na seirbhísí sin modhanna táirgthe a bhfuil lorg carbóin níos lú i gceist leo a fhorbairt agus a úsáid.

2017

An cháin charbóin in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2020, thug Rialtas na hÉireann an cháin charbóin isteach d'fhonn astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin a laghdú.[2] Glacadh leis an bprionsabal "an truaillitheoir a íocann", agus gheall an Rialtas an méid sin a dhéanamh tríd arduithe cánach a dhíriú ar na cánacha sin a ghearrann cáin ar seachtrachtaí diúltacha..." (is é sin truailliú).[3]

Tháinig ardú €7.50 ar an gcáin, rud a d'fhág go raibh costas €56 in aghaidh an tonna CO2 i gceist mBuiséad 2023. In 2024, tháinig ardú ar an gcáin arís, agus €122 a bhí sa mheáncháin charbóin ar bhillí bliantúla gáis (bunaithe ar 11,000 cileavatuair in aghaidh an teaghlaigh, ar an meán).[4]

Cur in aghaidh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh ina choinne go tréan i measc an phobail.[5][6]

Sa bhliain 2019, mhínigh taighdeoirí san ESRI go gcaitheann na teaghlaigh is boichte céatadán níos mó dá n-ioncam ar fhuinneamh, agus dá bharr sin ar cháin charbóin, ná mar a dhéanann teaghlaigh atá níos fearr as.[7]

Mhol an Taoiseach ag an am, Leo Varadkar, go n-éagrófaí cainteanna le ceannairí an fhreasúra chun teacht ar chomhpholasaí faoina dtabharfaí isteach cáin charbóin mar aon le cúiteamh a dheimhneodh gur athrú nósanna seachas laghdú ar ioncam a d’fheicfí dá bharr.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. extrag.ie (2024-05-02). "Beidh na teaghlaigh bhochta thíos leis leis an 'carbon tax'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-05-07.
  2. Houses of the Oireachtas (2024-03-26). "Climate | Focus on the carbon tax – 26 Mar 2024, 15.00 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-05-07.
  3. Nuacht RTÉ (2019-10-09). ""Beart suntasach atá sa cháin charbóin"" (as ga).
  4. RTÉ News / Joe Mag Raollaigh (2024-05-01). "Consumers to pay more for fuels as carbon tax increases" (as en).
  5. Eoin Ó Murchú (27 Meán Fómhair 2021). "Géarchéim fuinnimh an toradh a bheidh ar cháin charbóin na nGlasach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  6. Eoin Ó Murchú (10 Eanáir 2022). "Creideann siad go bhfuil siadsan níos fearr ná muid, níos ciallmhaire agus níos stuama…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-07.
  7. "D’fhéadfadh cáin charbóin astaíochtaí a laghdú agus an éagothroime ioncaim a mhaolú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-06-06). Dáta rochtana: 2024-05-07.
  8. Cathal Mac Coille (10 Eanáir 2019). "Cáin charbóin nó cur i gcéill?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-07.