Seachtracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seachtracht dhiúltach agus soláthar agus éileamh, mar shampla, truailliú

Is éard is seachtracht[1] ann ná costas nó buntáiste a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil corpraithe sa phróiseas cinnteoireachta den tosca eacnamaíoch a dhéanann an gníomh. Mar sin, bheadh gá le hidirghabháil chun iompraíochtaí a chur chun cinn a mbíonn seachtrachtaí dearfacha mar thoradh orthu agus chun seachtrachtaí diúltacha a dhíspreagadh.[2]

Samplaː seachtracht dhiúltach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is seachtracht dhiúltach é an truailliú arna ghiniúint ag fuinneamh neamh-inathnuaite. Go minic, níl aon bhealach ag tríú páirtithe chun an truailliú sin a stopadh nó a laghdú tríd an margadh toisc nach ann do “mhargadh le haghaidh truailliú” ina bhféadfadh na tríú páirtithe sin an mhonarcha a íoc chun laghdú a dhéanamh ar a cuid truaillithe.[3]

An fharraige ː acmhainn saor in aisce, gan rialacháin ?

Samplaː seachtracht dhearfach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má nascann tomhaltóir le líonra cuirfear lena leasa, ach má nascann sé/sí, méadaíonn an líonra agus bíonn níos mó nasctha, a ardaíonn leas na n-úsáideoirí deiridh ar an líonra céanna (seachtrachtaí líonra dearfacha).[2]

Réiteach na faidhbeː cáin nó rialacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'fhéidir gur íocann 'údar an truaillithe" na damáistí. Mar shampla, ghlac Rialtas na hÉireann sa bhliain 2021 leis an bprionsabal an "truaillitheoir a íocann"; gheall Clár an Rialtais "sin á dhéanamh againn, díreoimid aon arduithe cánach ar na cánacha sin a ghearrann cáin ar seachtrachtaí diúltacha, ar nós cáin charbóin, cáin ar shiúcra agus cáin ar phlaisteach".

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. (economic) externality i mBéarla
  2. 2.0 2.1 comreg.ie (2020). "Ráiteas Straitéise um Chumarsáid Leictreonach, 2021 go 2023". Dáta rochtana: 2022.
  3. Coimisiún Eorpach (2021). "Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2022-12-14.