Gás idéalach
Appearance
Samhail gáis fhoirfe, mar nach bhfuil sna hadaimh ach ponc-cháithníní nach n-imoibríonn le chéile ar chor ar bith. Feidhmíonn na triathgháis héiliam is neon, agus gnáthgháis faoi bhrú íseal mar seo, ionann is. Is gás idéalach gás a chomhlíonann an chothromóid staide p V = n R T, sa chás gurb é p (i bpascail, Pa) an brú sa ghás, V (i méadair chearnacha, m2) toirt an gháis, n líon na mól den ghás atá i gceist, T (i gceilviní, K) an dearbhtheocht, agus R tairiseach mólach na ngás (luach 8.314 J mol-1 K-1).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gás idéalach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 306.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |