Gáma-ghlóbailiní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próitéiní ar leith a iompraíonn antasubstaintí na fola. Táirgeann cealla plasma na mB-limficítí (a thagann ón smior) iad. Tugtar imdhíonaglóbailiní G (IgG) orthu freisin. Comhcheanglaíonn siad le hantaiginí cosúil le víris is seadáin ar bhealaí éagsúla, méadú sna próisis athlastacha san áireamh. Bíonn an naíonán nuabheirthe cosanta ag gáma-ghlóbailiní a bhfaightear cuid bheag díobh óna mháthair, cuid ón bplacaint, agus an chuid is mó ó chéadbhainne (maothal) na máthar. Aonraítear iad as séiream fuil téarnamhaigh is an slánadh iarbhreithe, agus úsáidtear mar chóir leighis i gcoinne na bruitíní, an pholaimiailítis, na heipitéise tógálaí, is galar tógálach eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gáma-ghlóbailiní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 304.