Féith
Sonraí | |
---|---|
Laidin | venalinca |
Cuid de | fuileadáin |
Aitheantóirí | |
MeSH | D014680 |
TA | A12.0.00.030 A12.3.00.001 |
FMA | 50723 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/vein-blood-vessel |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Fuileadán a iompraíonn fuil dhí-ocsaiginithe ó na fíocháin ar ais don chroí. Bíonn na féitheacha domhaine taobh le hartairí. Bíonn na féitheacha éadroma sa bhfíochán fo-chraicneach, cosúil le cainéil ghorma go díreach faoin gcraiceann, ag an rosta is ar an rí, mar shampla. Sreabhann an fhuil níos moille agus faoi bhrú níos lú sna féitheacha ná sna hartairí. Is mó na féitheacha ná na hartairí comhfhreagracha, ach is tanaí infhillte a mballaí. Nuair nach bhfuil fuil i bhféith, sleabhcann sí. Sa chuid is mó de na féitheacha tá comhlaí, foirmthe as filltí intéileacha, le fíochán snáithíneach leaisteach á neartú. Cuireann na comhlaí cosc le haon chúlsreabhadh fola, agus iompraíonn colún fola sna féitheacha (sna cosa, mar shampla) mar a bhfuil sreabhadh in airde. Má chliseann na comhlaí sna cosa, tarlaíonn féitheacha borrtha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Féith". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 262.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |