Féilire Ghréagóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéilire Ghréagóra
Íomhá
Cineálarithmetic calendar (en) Aistrigh
féilire na gréine
interval scale (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPápa Gréagóir XIII Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1 Eanáir 1752 - 
Eile
Month of the Gregorian calendar (en) Aistrigh
Day of the Gregorian Calendar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


An Pápa Gréagóir XIII

Féilire na gréine is ea an féilire Ghréagóra, a chuir an Pápa Gréagóir XIII ar bun sa bhliain 1582. Tá sé in úsáid ar fud an domhain, nach mór.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an bhliain 11 nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach de réir seanfhéilire Iúil. Faoin 15ú céad bhí 21 Márta, cónocht an fhéilire, ag titim 10 níos déanaí ná fíorchónocht an earraigh. Ba ghá 10 lá a bhaint den bhliain, agus léimeadh ó 4 Meán Fómhair go dtí 15 Meán Fómhair chun féilire nua Ghréagóra a thabhairt isteach agus an féilire is na séasúir a chur i gcomhfhreagairt dá chéile.

D’úsáid daoine an féilire seo den chéad uair i 1582 ach ní raibh gach tír (Sasana san áireamh) sásta é a úsáid. Ach chuir na difríochtaí mearbhall ar dhaoine. Faoi dheireadh, shocraigh formhór na dtíortha an féilire Ghréagóra a úsáid.[1]

Cinneadh go ndéanfaí leasú eile ar an bhféilire chun nach n-éireodh an earráid chéanna arís: nach bliain bhisigh a bheadh i mbliain an chéid múna mbeadh sí inroinnte ar 400.

Mar sin, ba bhlianta bisigh 1600 is 2000, ach níor bhlianta bisigh 1700, 1800 ná 1900, agus ní bliain bhisigh a bheidh i 2100. Nuair a ríomhtar meánfhad na bliana thar 400 bliain, is é 365.2425 lá a fhaightear, luach atá an-ghar don fhíorluach, 365.2422 lá.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Christopher Clavius (1538–1612)

Ós rud é gurb é an Pápa a thug an féilire nua isteach, ghlac na tíortha Caitliceacha go fonnmhar leis, ach níor ghlac an Bhreatain ná na coilíneachtaí Meiriceánacha leis go dtí 1752, agus bhí gá le leasú 11 lá nuair a rinne siadsan an t-athrú. Sa bhliain 1752, léimeadh ó 2 Meán Fómhair go dtí 13 Meán Fómhair chun féilire nua Ghréagóra a thabhairt isteach in Éirinn.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. COGG (29 Feabhra 2012). "Eureka". Dáta rochtana: 29 Feabhra 2020.
  2. Hussey, Matt (2011). "Féilire Ghréagóra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 330.