Fuinneamh geoiteirmeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teas ón Domhan féin, a thagann ar dtús trí aistriú ón magma leachtach i gcroíleacán an Domhain go dtí na sraitheanna de charraigeacha póiriúla ina bhfuil uisce lonnaithe. Téitear an t-uisce, agus uaireanta fiuchtar is galaítear é. In áiteanna áirithe ar Domhan—an Íoslainn, an Nua-Shéalainn, Páirc Náisiúnta Yellowstone i Meiriceá — sceitear an t-uisce fiuchta agus fiú an galuisce seo go nádúrtha i dtoibreacha teo is géasair. Is féidir an talamh a dhruileáil chun teacht ar an uisce te seo lena úsáid mar acmhainn teasa i bhfoirgnimh is gairneoirneacht. Is costasach an druileáil dhomhain, agus bíonn an t-uisce te seo aigéadach, ionas go gcreimeann sé gnáthphíopaí is gnáthuirlisí pluiméireachta tapa go leor. Mar sin, níl an acmhainn fuinnimh seo in úsáid go forleathan fós, ach is dócha go leathnóidh a húsáid amach anseo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh geoiteirmeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.