Fuascailt na seirfeach, 1861

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFuascailt na seirfeach, 1861
Cineálleagan, eagrán, nó aistriúchán
edict (en) Aistrigh
leasú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1861 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarAlastar II na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
TírImpireacht na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata


Ar 3 Márta 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a gcuid saoirse.[1]

forógra an tSáir Alastar a Dó
Le grand siècle russe, Wladimir Berelowitch, 2005[2]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimhe sin, díoladh agus ceannaíodh na seirfigh thalún leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pósta gan cead a dtiarna talún, gan ceart taistil, gan ceart a réadmhaoin nó comhlacht féin a bheith acu, agus le dualgas trom obair a thabhairt don tiarna i rith na bliana; agus ní raibh sna seirfigh thí acht sclábhaithe.[1]

Fuascailt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt an Sár go raibh sé ní b’fhearr deireadh a chur leis an seirfeachas ón mbarr, ná fanacht go ndíothóthaí é ón mbun. Fuair na seirfigh thalún deis cuid den talamh ar a d’oibrigh siad a cheannach, fiú ar phraghas ard (níor tugadh aon deis talamh a cheannach do na seirfigh thí). Uaireanta bhí an giota beag talún róbheag chun maireachtáil a gclainne a bhaint amach;.

Cé go raibh an feidhmiú go mall le deacrachtaí móra, d’athraigh an saoradh sochaí na Rúise go mór, agus chuir sé deireadh leis an gcóras ina raibh anamacha i seilbh sa Rúis go deo.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Conradh na Gaeilge Londain (3 Márta 2023). "‎Nuacht Mhall: Cothrom an Lae (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-03-31.
  2. "Le grand siècle russe d'Alexandre Ier à Nicolas II" (fr). Babelio. Dáta rochtana: 2023-03-31.