Freagracht shóisialta chorparáideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leagann freagracht shóisialta chorparáideach (FSC)[1] amach na rudaí a dhéanfaidh eagraíocht (comhlachtaí san áireamh) chun tairbhe na sochaí agus na timpeallachta.[2] Is éard atá i gceist leis an FSC stuama chríochnúil ná[3]

  • gealltanais atá dáiríre agus indéanta a thabhairt faoi FSC agus faoin inbhuanaitheacht,
  • caitheamh leis na gealltanais sin amhail is gur sócmhainní luachmhara doláimhsithe iad, agus
  • cur le feasacht na bpáirtithe leasmhara ar na gealltanais sin agus leis an mbraistint atá acu gur faoin gcúram féin atá siad.

Éiríonn go geal le roinnt eagraíochtaí agus iad ag gabháil don FSC agus don inbhuanaitheacht. Cinnte tá eagraíochtaí eile nach dtugann mórán airde orthu. Ach léirigh taighde sa bhliain 2015 (ón Commit Forum) gur féidir gur ón dea-shaoránacht chorparáideach a thagann aon trian de luach ainmniúil cuideachta.[4] Léiríodh sa phíosa taighde céanna nach leor tabhairt faoin bhFreagracht Shóisialta Chorparáideach, ach go gcaithfidh gnólachtaí í a chur i bhfeidhm go stuama críochnúil sula rachaidh sí chun tairbhe a mbunlíne.

Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Samplaí de roinnt cuideachtaí, idir bheag agus mhór, a ghlacann cur chuige dáiríre maidir le FSC agus inbhuanaitheacht is ea Unilever, Interface Carpets, Ben and Jerrys, Marks and Spencers, agus Eirgrid. "Tréith idirdhealaitheach atá ag cuideachtaí rathúla in Éirinn agus in áiteanna eile is ea an dóigh a n-oibríonn siad lena gcuid custaiméirí, lena gcuid soláthraithe, lena gcuid oibrithe, lena dtimpeallacht fhisiciúil agus lena bpobal áitiúil."[5]

Ar an drochuair, le cur i gcoinne gach dea-scéala nuachta tá samplaí de chuideachtaí a mbíonn drochthionchar acu ar phobail, bíodh sé sin i ngan fhios dóibh féin nó ná bíodh. Tá fírinne an scéil sin le feiceáil, mar shampla, san eachtra inar thug foirgneamh monarchan éadaí (Savar) uaidh in 2013 sa Phacastáin, dúnadh Clerys i mBaile Átha Cliath in 2015 agus na fadhbanna comhshaoil atá ann fós de bharr droch-chleachtais oibre a bheith ag cuideachtaí ola ar nós Exxon Mobile i nDeilte na Nígire.

Sampla eile is ea na ceannairí gnó, na ceannairí polaitiúla agus na corparáidí a bhfuil baint acu le seachaint cánach agus éagóir chánach ar fud an domhain, mar a tháinig chun solais i bPáipéir Phanama in 2016.

"Corporate Social Responsibility Conclave– Public Sector Perspective”, Delhi, 2012

FSC in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Soláthraíonn an suíomh gréasáin, www.csrhub.ie, comhairle agus tacaíocht do ghnóthais agus d’eagraíochtaí eile a bhfuil spéis acu i dtuilleadh faisnéise a fháil faoi Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach agus i gcleachtais ghnó atá freagrach agus inbhuanaithe a chur chun feidhme.[5] Tá an suíomh ina acmhainn chun cuidiú le cuideachtaí, idir mhór agus bheag, ar mian leo tuilleadh faisnéise a fháil faoi bheartais agus faoi chleachtais FSC.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Freagracht Chorparáideach Shóisialta" (FCS) sa leabhar Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí de chuid WorldWise
  2. Joe Stafford et al (2016). "AM GNÓː Staidéar Gnó don tSraith Shóisearach / Time for Business". Dáta rochtana: 2021.
  3. WorldWiseSchools.ie. "Staidéar Gnóː ag gabháil don Oideachas Forbartha". Dáta rochtana: 2021.
  4. "Strong sustainability track record can account for 11% of a company's value - report" (en). the Guardian (2015-10-29). Dáta rochtana: 2021-04-25.
  5. 5.0 5.1 Office Press. "Suíomh Gréasáin nua maidir le Freagracht Shóisialta Chorparáideach (FSC), áit a bhfuil cleachtais ghnó fhreagracha á spreagadh" (ga). enterprise.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-04-25.