Fraochán gorm
Cuma
| Vaccinium sect. Cyanococcus | |
|---|---|
| Sonraí | |
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Ericales |
| Fine | Ericaceae |
| Géineas | Vaccinium |
| Section | Vaccinium sect. Cyanococcus A.Gray, 1846 |
Tom duillsilteach atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh. Timpeall 20 speiceas. Saothraítear le haghaidh a thorthaí é. Is gaol Meiriceánach Thuaidh leis an bhfraochán dúchasach Eorpach é an planda seo, ach is gnách go mbíonn na caora níos mó ná caora an fhraocháin Eorpaigh. Tá siad á saothrú san Eoraip ó na 1930idí i leith. Is í Ceanada agus na Stáit Aontaithe na príomhtháirgeoirí sa lá atá inniu ann. Na bláthanna clogchruthach. Na caora suas le 8 mm ar trastomhas, gorm/dubh, inite. Fásann fraochán an toim ísil suas le 30 cm ar airde. Na duilleoga seo lansa-chruthach. Na bláthanna caol, bán le marcanna dearga. Fásann fraochán an toim aird suas le 3 m. Na duilleoga seo éilipseach, na bláthanna scoth-bhándearg, níos leithne.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fraochán gorm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 286.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol planda é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |