Frank Harte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrank Harte
Beathaisnéis
Breith14 Bealtaine 1934
Séipéal Iosóid, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Meitheamh 2005
71 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ceoleolaí, ailtire Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: deb126f7-533d-4e92-b446-10ba0160872f Discogs: 1282355 Allmusic: mn0000168046 Cuir in eagar ar Wikidata
Séipéal Iosóid

B’amhránaí traidisiúnta é Frank Harte (14 Bealtaine 193327 Meitheamh 2005) a rugadh i Séipéal Iosóid. Bhí stór millteach amhrán aige.[1]

Níor thréig sé riamh a dhúchas féin agus thaispeáin sé don domhan mór go bhfuil traidisiún saibhir amhránaíochta i mBaile Átha Cliath. Bhí eolas cuimsitheach aige bhí amhráin Ghaeilge aige, bíodh go raibh cúthaile áirithe air ina gcuibhreann; agus bailéid idirnáisiúnta, agus seanrabhcáin, agus scéalamhráin, agus ábhar Sasanach, Albanach, Oráisteach, srl.[2]

Bhí sé ar an tuairim nach bhfuil amhrán ann sa tsaol ach san uair ina chastar é; ní fíor-amhrán é ach san uair a ligtear saor an amhrán ó bhéal an amhránaí.[3]

Deireadh sé i gcónaí gurbh iad na hamhráin stair na muintire, "an chuid sin den stair nár scríobh na staraithe". Agus ina dhiaidh sin: "Iad siúd a bhfuil an chumhacht acu, scríobhann siad an stair; na daoine a fhulaingíonn is iad a bhreacann na hamhráin."

Bhuail taom croí Frank Harte ar 27 Meitheamh 2005, in aois 72 bliain dó.

Club Góilín, Teachers Club, 36 Cearnóg Parnell

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh an fhéile Frank Harte gach bliain sa chlub Góilín.[4][5]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’eisigh Frank an t-uafás ar cheirníní thar na blianta

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Antaine Ó Faracháin. "Frank Harte, 1933 – 2005" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-27.
  2. "Frank ár gcroí" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-06-27.
  3. "An Spailpín Fánach". spailpin.blogspot.com. Dáta rochtana: 2020-06-27.
  4. "The Frank Harte Festival" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-27.
  5. "An Góilín". www.goilin.com. Dáta rochtana: 2020-06-27.