Foraoisí tuaisceartacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foraoisí dlútha buaircíneacha i Meiriceá Thuaidh, an Eoraip agus deisceart na hÁise. Speicis shainiúla crann iontu, ina measc an ghiúis, an ghiúis himlice is an ghiúis ghallda, agus an péine i réigiúin níos oscailte. Ní hionann amach is amach na foraoisí tuaisceartacha seo agus an tadhga atá ar an taobh ó thuaidh den chrios seo, mar a bhfuil na crainn níos éadlúithe agus a sroicheann níos mó de sholas na Gréine an talamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Foraoisí tuaisceartacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 281.