Foclach (Wordle)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Foclach
Cineálcluiche brabhsálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bunleagan
Deireadh Fómhair 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánracluiche focal agus letter game (en) Aistrigh
Ceadúnasceadúnas dílsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Múnla gnósaorimirt
Ar fáil sa
Eapainmfocal agus Josh Wardle
Cuid deThe New York Times Games (en) Aistrigh
Saintréithe teicniúla
Ardánbrabhsálaí Gréasáin agus aip shoghluaiste
Modhannafíschluiche d'imreoir aonair
Formáidleathanach gréasáin
Gléas ionchuirméarchlár agus luchóg
Foireann
Forbróir(í)Josh Wardle
EagarthóirThe New York Times Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirThe New York Times
RíomhchláraitheoirJosh Wardle
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinnytimes.com… (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
MobyGameswordle_ Cuir in eagar ar Wikidata
CA. Subredditwordle Cuir in eagar ar Wikidata

Is cluiche focal ar líne é Wordle,Foclach as Gaeilge.[1] Séard atá ann ná tábla atá sórt cosúil le gréasán sudoku agus caithfidh daoine focal an lae a thomhas chun an cluiche a chríochnú.[2]

Rialacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na rialacha sách simplí: bíonn sé sheans ag an imreoir focal cúig fhocal a aimsiú. Má bhíonn an litir cheart san áit cheart agat, cuirtear tíl ghlas taobh thiar di.

Má bhíonn an litir cheart san áit mhícheart, is tíl oráiste a leagtar taobh thiar di. Ach mura a bhfuil an litir san fhocal ar chor ar bith, is dath liath a bhíonn taobh thiar di.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chruthaigh Josh Wardle ón mBreatain Bheag an cluiche sa bhliain 2021. Innealtóir bogearra a dhear an cluiche ó thús mar bhronntanas dá bhean. Scaoil siad amach an cluiche go poiblí ina dhiaidh sin.

Cúpla mí níos déanaí, cheannaigh an New York Times an cluiche ar níos mó ná milliún dollar. ‘Scéal grá’ a thug an New York Times ar scéal an chluiche.[2] Níorbh fhada go raibh leaganacha den chluiche á ndearadh i mórtheangacha eile na cruinne – an Fhraincis, an Spáinnis, agus an Ghearmáinis ina measc..

Tá a lán daoine ag imirt Wordle ar fud an domhain ó 2021 ar aghaidh agus iad ag roinnt na dtorthaí ar na meáin shóisialta, Twitter go háirithe.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2022, chruthaigh Linda Keating leagan Gaeilge den chluiche, 'Foclach'. Tógadh bunchloch liosta na bhfocal ón liosta desna focla is coitianta i nGaeilge, le Michal Měchura.[4][5] Tá an cluiche ar fáil ar líne.[6][7]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní hé gur focal ná téarma nuachumtha é ‘foclach’ a chuireann síos ar rud nua-aimseartha ná nua-aimsithe. Go deimhin, is féidir é a aimsiú i bhfoclóir Phádraig Uí Dhuinnín a foilsíodh beagnach 120 bliain ó shin.[3]

Cuirtear síos ar an bhfocal ar An Foclóir Beag mar seo: aid1, a úsáideann an iomarca focal. Ar na comhchiallaigh a luaitear at theasáras An Phota Focal tá: briathrach, fadchainteach, fadálach, teangach, agus fiú leadránach.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ciara O'Loughlin (3 Feabhra 2022). "‘It’s filling people with joy’: Irish woman creates Foclach, the Irish version of Wordle" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-02-09.
  2. 2.0 2.1 Bridget Bhreathnach (3 Fea 2022). "Táimid go léir dúghafa le Wordle na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-02-09.
  3. 3.0 3.1 3.2 NÓS (28ú Nollaig 2022). "Focal Gaeilge na Bliana 2022 roghnaithe" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-12-28.
  4. Irish word frequency ar github.com/michmech
  5. Líonra Séimeantach na Gaeilge le Kevin Scannell
  6. "Foclach" (ga). foclach.com. Dáta rochtana: 2022-02-08.
  7. Éist léi faoi agallamh ag Áine Ní Bhreisleáin ar Raidió Na Gaeltachta.. "An cluiche Foclach : Linda Keating" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-02-08.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir Foclach a imirt anseo.