Flora Wambaugh Patterson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Flora Wambaugh Patterson
Mrs. F.W. Patterson.jpg
Saol
Eolas breithe Columbus, 1847, 15 Meán Fómhair 1847
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bás Nua-Eabhrac, 1928, 5 Feabhra 1928
Áit adhlactha Fresh Pond Crematory and Columbarium (en) Aistrigh
Muintir
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater Ohio Wesleyan Female College (en) Aistrigh
Antioch College (en) Aistrigh
Ollscoil Iowa
Ollscoil Harvard
Radcliffe College (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm bitheolaí, luibheolaí, míceolaí agus botanical collector (en) Aistrigh
Fostóirí Harvard University Herbaria (en) Aistrigh
United States Department of Agriculture (en) Aistrigh  (Eanáir 1895 -
Duaiseanna
Ballraíocht Cumann Náisiúnta Geografach
American Phytopathological Society (en) Aistrigh
American Association of University Women (en) Aistrigh

Míceolaí Meiriceánach ab ea Flora Wambaugh Patterson (1847 – 1928). Ise an chéad phaiteolaí plandaí fostaithe ag an Roinn Talmhaíochta sna Stáit Aontaithe.[1]

Rugadh í in Columbus, Ohio, agus rinne sí staidéir ar fhungais agus ar phlandaí i gColáiste Antioch, sa stát chéanna. Fuair sí dhá chéim mháistreachta in Ollscoil Wesleyan Cincinnati. Chuir sí isteach ar spás i gclár iarchéimí in Ollscoil Yale ach diúltaíodh di ar an ábhar gur bean í. Ina áit sin, chuaigh sí go Coláiste Radcliffe, atá ceangailte le Ollscoil Harvard, agus rinne sí staidéar sa Gray Herbarium ag an ollscoil úd. D'fhan sí ansin gur fhostaigh an Roinn Talmhaíochta in Washington, D.C., í sa bhliain 1895.

Bhí Patterson i gceannas ar Bhailiúchán Fungas Náisiúnta na Stát Aontaithe ar feadh 35 bliana nach mór. Faoina stiúradh d'fhás an bailiúchán ó 19,000 go 115,000 eiseamláir. Ar 6 Eanáir 1910 tháinig 2,000 crann silíní mar bhronntanas ó chathair Thóiceo agus bhíothas chun iad a chur in Washington, D.C. ar bhruach an Photomac. Tháinig Patterson amach go raibh lotnaidí agus galar sna crainn agus ar ordú an uachtaráin, dódh iad le leithscéalta do rialtas na Seapáine. Cuireadh crainn nua chuig Washington a fuarthas folláin agus cuireadh iad. Mar gheall ar an bhrú a rinne Patterson agus daoine eile, cuireadh Achta Coraintín Plandaí na Bliana 1912 i bhfeidhm san Stáit Aontaithe chun lotnaidí agus galair ionracha a choimeád amach ón tír.

I ndiaidh dul ar scor di, chuaigh sí a chónaí lena mhac i gCathair Nua-Eabhrac gur bhfuair sí bás in aois a 80 bliana.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Amy Y. Rossman, "Flora W. Patterson: The First Woman Mycologist at the USDA" Curtha i gcartlann 2013-09-27 ar an Wayback Machine (Reviewed feature article), ASP.net (last visited August 22, 2012).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]