Fliú capaill
Appearance
Galar ionfhabhtaíoch capall is ea an fliú capaill, a fhaightear i stáblaí rásaíochta agus áiteanna eile a mbíonn capaill.
Bíonn roinnt víreas i gceist atá cosúil le fliú de chineál A i ndaoine, ach scoite uaidh[1].
Is é an siomptóm is measa a fheictear ná casacht thirim mharthanach le roinnt fiabhrais.
Le cóireáil chuí, tagann an capall chuige féin tar éis 7-21 lá, den chuid is mó.
Tugann vacsaíní cosaint ghearrthéarmach ina choinne.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Sovinová, O., Tůmová, B., Poustka, F., Němec, J.: Isolation of a Virus Causing Respiratory Disease in Horses. Acta Virologica 2, 52 - 61, 1958.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fliú capaill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 276.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |