Fisic neamhlíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar chórais nach mbíonn an fhreagairt aschuir ar spreagadh ionchuir i gcomhréir le méid an spreagtha iontu. Mar shampla, maidir le meáchain bheaga atá crochta ar lingeán, nuair a dhúblaítear an meáchan dúblaítear fadú an lingeáin (dlí Hooke), agus is líneach an córas seo. Ach nuair a mhéadaítear an meáchan go mór, ní fhadaítear an lingeán i gcomhréir leis sin, agus éiríonn an córas neamhlíneach. Ar an dul céanna, nuair a dhéanann luascadán luascthaí móra, is neamhlíneach an córas. Spreagann déine ard solais, ó léasar mar shampla, freagairtí neamhlíneacha ina hidirghníomhuithe le hadaimh an mheáin ina bhfuil an solas sin ag forleathadh. Tagann anord san áireamh freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fisic neamhlíneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 273.