Fioghual

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Fiodhghual tirim
Dóiteán fiodhghuail

Is éard atá san fhioghual an fuílleach a fhágtar nuair a bhaintear uisce agus ábhar soghalaithe eile as ábhar ainmhíoch agus plandúil. Tagann fioghual ón gcomhfhocal fiodh-ghual. De ghnáth déantar fioghual le pirealú mall, agus adhmad, siúcra nó rudaí eile á théamh gan ocsaigin. Ábhar sobhriste piochánach dubh atá ann, agus idir 50% agus 95% de ina charbón. [1]

Carbónú adhmaid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar fioghual d'adhmad trína charbónú ar fad, i dtreo nach bhfágtar ach carbón agus luaith. Déantar ábhar éadrom scagach dá bharr, agus má bhaintear úsáid as dlúthábhar adhmadach, ar nós blaosc cnó nó cloch péitseoige, faightear fioghual a bhfuil dromchla leathan piochánach air agus é an-scagach dá bharr. Carbón gníomhaithe é sin, agus is maith an sás chun ceimicigh a shú é.

Is iomaí áit fós a ndéantar fioghual ar an sean-nós agus carn adhmaid á dhó a bhfuil a mbunáite faoi chlúdach pluda nó brící. Déantar teas de na fothorthaí agus de bharr cuid den adhmad a dhó, rud a phirealaíonn an t-iomlán. Ní dhóitear an fioghual féin toisc a laghad sin ocsaigine a bheith ann. Anois is féidir an t-adhmad a théamh i soitheach aeriata miotail, rud a laghdaíonn truailliú agus a ligeann torthaí soghalaithe a chomhdhlúthú.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Carn adhmaid sular clúdaíodh é (timpeall na bliana 1890)

Is fada fioghual á dhéanamh i gceantair choillteacha. De ghnáth chuirfí smutáin adhmaid ar a gceann chun carn coirceogach a dhéanamh, an t-aer á ligean isteach thíos trí phoill agus sloc i lár baill mar fheadán deataí. Chlúdófaí an carn le móin nó le cré fhliuch. Ansin dhéanfaí tine a adhaint i dtóin an fheadáin agus spréifeadh an teas.

Thabharfadh céad pháirt d'adhmad timpeall seasca páirt fiodhghuail de thoirt nó cúig pháirt is fiche de mheáchan. Obair í atá níos torthúla ar an mórchóir ná ar an mionchóir: go fiú sa 17ú haois bhí éifeacht 90% le tionscadail mhóra. Ach b'fhearr riamh an obair a fhágáil faoi dhaoine a raibh fios a ngnó acu.

Ba iad na cruacha fiodhghuail a mhill coillte na hEorpa. I Sasana bhí a lán roscoillte ann a ghearrtaí agus a ligtí fás arís chun soláthar a dhéanam don fhioghual, ach sa 17ú haois bhí daoine ag gearán faoi ghanntanas crann. In Éirinn rinne na tiarnaí nua lántairbhe a bhaint as fioghual le haghaidh teilgcheártaí beaga iarainn, rud a d'fhág na coillte ar lár. Nuair a d'éirigh an fioghual gann iompaíodh ar an ngual.

Sa Lochlainn dhéantaí tarra adhmaid de na coillte péine, agus bhaintí feidhm as an bhfioghual a bhíodh ag roinnt leis mar chóc i gceártaí bruithnithe. Tháinig deireadh le déantús an tarra i ndeireadh an 19ú haois, agus d'fhás na coillte millte arís.

Sa saol atá anois ann déantar adhmad a charbónú ina bhlúirí nó ina mhín sáibh i bhfreangáin iarann múnla, rud a ligeann fothorthaí a chruinniú - meatánól, tarra adhmaid nó aicíd phioradhmadach. Fioghual a dhéantar ag 300 °C tá sé briosc agus donn, agus téann sé trí thine ag 380 °C. Má dhéantar ag teocht níos airde é tá sé crua agus sobhriste, agus ní théann trí thine go dtí timpeall 700 °C.

An fioghual agus leagan na gcoillte in Éirinn sa 17ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sampla den saghas coille a leagfaí le haghaidh fioghuail in Éirinn: Port Chluain Eoghain i gContae Aontroma

Bhí idir gharbhiarann agus shlatiarann á ndéanamh in Éirinn sa 17ú haois. Sna 1660í bhí an tionscal in ísle brí de dheasca iomaíocht na Rúise agus na Sualainne, bhochtanas na tíre agus a laghad sin éilimh a bheith ar iarann ann. Sa chuid deiridh den aois, áfach, tháinig fás mór faoin tionscadal, agus dleachtanna arda importála ag cuidiú leis ón mbliain 1662 amach.[2]

Shíl na tiarnaí nua Protastúnacha gurbh fhéidir brabach gasta a dhéanamh as na coillte in Éirinn trí fhioghual a dhéanamh agus ceártaí iarainn a bhunú. Fuair siad amach nach raibh an gnó chomh furasta sin: ba dheacair brabach leanúnach a dhéanamh. Mar sin féin, lean siad orthu ag tógáil ceártaí; ba lú costas an bhreosla in Éirinn ná i Sasana, agus rinne infheisteoirí ó Shasana féin ceárta iarainn a bhunú ag Inis Coirthe i gContae Loch Garman.[3]

Lean tionscal an fhioghuail anuas go dtí an chéad chuid den 18ú haois. Faoin am sin bhí slad déanta ar choillte na tíre de bharr ar leagadh de chrainn chun na ceártaí a chothú. Lena chois sin, chuaigh an gnó i bhfeidhm ar shaol agus ar gheilleagar na tuaithe. Ba é tús an tionsclaithe in Éirinn é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Using charcoal efficiently
  2. Andrews, J.H., 'A note on the later history of the Irish charcoal iron industry,' The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Vol. 86, No. 2 (1956), lgh 217-219.
  3. Barnard, T.C., 'An Anglo-Irish industrial enterprise: iron making at Enniscorthy, Co. Wexford, 1657-92,' Proceedings of the Royal Irish Academy. Vol. 85C, (1985), lgh 101-144.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]