Fiocas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Braisle d'fhéitheacha borrtha ag cumar chanáil an anais is an reictim, timpeall 2 cm suas ó oscailt an anais. De ghnáth, ní bhíonn aon chúis inbhraite leis. Féadfaidh sé tarlú de bharr bac ar dhraenáil na fola as na stéigeacha, mar a tharlaíonn i gcioróis an ae. Tarlaíonn sé mar thoradh ar cheangailteacht uaireanta, mar shampla, le linn toirchis, nuair a mhoillíonn an bhroinn sreabhadh na fola a dhraenálann na horgáin pheilbheacha. Féadfaidh anaemacht tarlú de bharr cailliúint mhall fola gan stad. Is féidir iad a bhaint trí mháinliacht, ach a chóireáil le hinstealltaí de thuaslagán scléaróiseach.