Feistí Ó Conluain
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1925 Baile Liam, Éire |
Bás | 4 Meitheamh 2001 75/76 bliana d'aois |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ceoltóir feadóige as Baile Liam, an Spidéal ab ea Feistí Ó Conluain (1925–2001).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac le Cáit Ní Choisdealbha, amhránaí clúiteach ó Bhaile an tSagairt, an Spidéal a fuair bás in 1973, agus Micheál Ó Conluain, timire agus múinteoir Gaeilge as an Muileann gCearr. Chaith sé níos mó ná fiche bliain ag obair le Otis Lifts in áiteanna éagsúla timpeall na hÉireann. Chas sé le hEibhlín Standún (deirfiúr Mháirtín Standún) i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche leathcheannais na hÉireann in 1949 idir Gaillimh agus Laois, agus phósadar ina dhiaidh sin. Fuair Eibhlín bás in 1992.[2]
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheinneadh Ó Conluain go minic le linn dó a bheith ag taisteal timpeall na tíre, agus bhain sé cáil amach as a chuid amhrán beoga agus foinn mhalla go háirithe. I dtuairisc bháis le M. P. Ó Conaola in Foinse ar an 10 Meitheamh 2001, scríobh sé “Bhí a fhios ag Festy na focail — bheadh a fhios agat é agus é ag casadh na feadóige. B'in é an fáth nárbh fhéidir é a shárú ar an bhfonn mall, mar bhí ciall agus tuiscint taobh thiar de na focail agus an ceol istigh ina chroí.”[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CONLUAIN, Feistí (1925–2001) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-07.
- ↑ Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.