Feilt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samplaí feilte
Yurt Casacach déanta le píosaí feilte

Is éadach neamhfhite í feilt,[1] fabraic scaoilte de shnáithíní nádúrtha nó saorga, nó cruthaithe in uigí trí ghníomhú fliuchrais, teasa nó brú athdhéanta. Téann na snáithíní in aimhréidh ina chéile. Bíonn feidhmeanna tábhachtacha ag feilt in éadaí (mar shampla, i hataí), i bhfeistis tí (mar shampla, i gclúdaigh urlár, bord is troscán), agus sa tionscal (mar shampla, mar inslitheoirí).[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): feilt” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-15.
  2. Hussey, Matt (2011). "Feilt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 260.