Feidhmiúlachas
Appearance
San ealaín is an ailtireacht, teoiric atá bunaithe ar fhealsúnacht ársa na Gréige gur cheart gurb ionann, nó ar a laghad gur gaolmhar, áilleacht is éifeacht fheidhmiúil. Pléadh ó am go chéile é san 18ú-19ú céad, ach tháinig sé sa bhfaisean i ndáiríre sna 1920idí-1930idí, faoi thionchar an Bauhaus go háirithe. Mar shampla, de réir na teoirice seo, chinn feidhmeanna foirgnimh cruth an fhoirgnimh, agus sainmhíníodh teach mar mheaisín le maireachtáil ann.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feidhmiúlachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 260.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |