Fearghas Ewing
Is polaiteoir Albanach é Fergus Ewing, BPA ( Béarla : Fergus Ewing ). [1]
Is é an BhPA d'Inbhir Nis agus Inbhir Narann é; bhí sé ina bhall den Rialtas freisin mar Aire Fuinnimh, Fiontair agus Turasóireachta agus rinneadh Státrúnaí don Gheilleagar Tuaithe agus don Nascacht de tar éis thoghchán na hAlban 2016. [2] Is ball é de Pháirtí Náisiúnta na hAlban . D'fhág sé an rialtas tar éis thoghchán 2021. [3]
Vótáil sé i gcoinne an Rialtais i rún mímhuiníne i Lorna Slater, an tAire Uaineach i mí an Mheithimh 2023. [4] Mar gheall air seo, dhíbir feisirí de Pharlaimint na hAlban é as grúpa parlaiminte an PNA ar feadh seachtaine. [5]
Bhí sé pósta ar Margaret Ewing, BPA, a fuair bás den ailse i 2006 agus is mac é le Winnie Ewing freisin. Is í a dheirfiúr, Annabelle Ewing, an BPA do Chowdenbeath agus bhí sí ina haire freisin.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Riaghaltas na h-Alba
- ↑ Pàrlamaid na h-Alba
- ↑ Musgrove, Gavin (19 Meitheamh 2021). "Fergus Ewing says it has been privilege to serve in departure letter to First Minister".
- ↑ "Naidheachdan". BBC.
- ↑ "Veteran MSP Fergus Ewing suspended from SNP over rebellions" (17 Meán Fómhair 2023).
Is síol faoi Albain é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |