Feargal Ó Béarra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFeargal Ó Béarra
Beathaisnéis
Bás21 Nollaig 2022
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scoláire Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire, scríbhneoir agus aistritheoir ba ea Feargal Ó Béarra (a d'éag 21 Nollaig 2022),[1] ar dhuine de mhórscríbhneoirí Gaeilge a linne.[2]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Feargal Ó Béarra i mBoth Chuanna i nGaeltacht Chois Fharraige.

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe MA air sa bhliain 1994 agus Ph.D in 2004.

Léachtóir ollscoile ab ea é agus suim ar leith aige sa Luath-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge mhoch. Bhí ardmheas air mar theagascóir.

Ag obair in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil mar aistritheoir a bhí sé sna 2010idí, obair ar thug sé “ceird nár chol le Clanna Gael” uirthi.[3]

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Feargal Ó Béarra tinn le tamall nuair a fuair sé bás roimh am ar 21 Nollaig 2022. Maireann a chéile, Maedhbh Nic Dhonnchadha, a pháistí Aindrias Micheál, Saileog Bairbre agus Piaras, agus a mháthair, Sorcha Uí Bhéarra.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a shaothair, Mé Suibhne[4] agus An Tromdhámh,[5] ar athchóiriú iad ar sheanchas na nGael, áirithe ar shárleabhair Gaeilge na mílaoise nua.[2] Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar Gaeilge na Bliana ar An Tromdhámh in 2019.

Liosta neamhiomlán dá chuid foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scoláire agus taighdeoir fíorchumasach ab ea é a chuir spéis i réimse fairsing ábhar, ó Naomh Éinne go dtí Máirtín Ó Cadhain.[6][2]

  • Táin bó Cúailnge: leagan III: téacs agus aistriúchán”, tráchtas MA, Ollscoil na Gaillimhe, 1994
  • “A critical edition of Síaburcharpat Con Culaind”, tráchtas PhD, Ollscoil na Gaillimhe, 2004.
  • An Tromdhámh Curtha i gcartlann 2022-05-27 ar an Wayback Machine, Leabhar Breac, ISBN 978 1 911363 21 7[5]
  • Mé Suibhne, Leabhar Breac (2022)[7][4]
  • “Gaeilge Uí Chadhain”, in: Máire Ní Annracháin [eagarthóir], Saothar Mháirtín Uí Chadhain, Léachtaí Cholm Cille 37, Má Nuad: An Sagart, 2007. 103–130).
  • An Old Irish Primer, le Wim Tigges. Nijmegen: Stichting Uitgeverij de Keltische Draak, Nodus Publikationen, 2006.
  • Bádóireacht: Bootsbau und Seefahrt in der westirischen Tradition, . le Arndt Wigger, Schriften des Studienhauses für Keltische Sprachen und Kulturen, 4, Bonn: Studienhaus für keltischen Sprachen und Kulturen, 2012. xiv + 173 pp.
  • Máirtín Ó Cadhain: Téacsanna Teagaisc: Teaching Texts – A Selection a foilsíodh i 2020. Feargal Ó Béarra agus Arndt Wigger a chuir in eagar. Ceachtanna a chum an Cadhnach sna 1960idí chun an Ghaeilge a theagasc. Foilsíodh leagan Gearmáinise freisin.
  • “John Montague’s ‘A grafted tongue’”, Translation Ireland 17:2 — Translation and Irish in the twenty-first century (2006, 2007): 86–89.
  • Ó Béarra, Feargal, “Ionmholta malairt bhisigh: An caighdeán oifigiúil 1958–2008”, in: Dónall Ó Baoill, Donncha Ó hAodha, and Nollaig Ó Muraíle (eds), Saltair saíochta, sanasaíochta agus seanchais: A festschrift for Gearóid Mac Eoin, Dublin: Four Courts Press, 2013. 247–260.
  • Buile Shuibhne: vox insaniae from medieval Ireland”, Ó Béarra, Feargal (2014). "Mental health, spirituality, and religion in the middle ages and early modern age": 242–289. De Gruyter.  in: Albrecht Classen (ed.),
  • Ceird an aistritheora – ceird nár chol le Clanna Gael, 28 Meitheamh 2016, Tuairisc.ie[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Death Notice of Feargal Ó Béarra" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
  2. 2.0 2.1 2.2 Tuairisc (21 Nollaig 2022). "Feargal Ó Béarra, duine de mhórscríbhneoirí agus mórscoláirí Gaeilge na linne, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
  3. 3.0 3.1 Feargal Ó Béarra (28 Meitheamh 2016). "DIALANN AE: Ceird an aistritheora – ceird nár chol le Clanna Gael" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
  4. 4.0 4.1 "Mé Suibhne - Leabhar Breac - Feargal Ó Béarra - Buile Shuibhne" (ga-IE). Leabhar Breac. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-23. Dáta rochtana: 2022-12-23.
  5. 5.0 5.1 Alan Titley. "600 bliain de litríocht na Gaeilge le fáil in úrscéal slachtmhar dea-scríofa amháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-23.
  6. "Ó Béarra (Feargal) • CODECS: Online Database and e-Resources for Celtic Studies". codecs.vanhamel.nl. Dáta rochtana: 2022-12-22.
  7. Sean Ó Mainnín (9 Lúnasa 2022). "GAILEARAÍ: ‘Mé Suibhne’ le Feargal Ó Béarra seolta ar an Spidéal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-23.