Fóta-iolróir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste leictreonach chun solas a bhrath. Mar thoradh ar ionsaí an tsolais a thagann isteach ar dhromchla, astaítear leictreoin tríd an iarmhairt fhótaileictreach. Luasghéaraíonn agus iolraíonn sraith leictreoidí na leictreoin seo, ionas go mbíonn sruth intomhaiste ag an anóid dheireanach nuair a ionsaíonn a laghad is fótón amháin an chéad dromchla braite.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fóta-iolróir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 285.