Iarmhairt fhótaileictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léaráid den Iarmhairt fhótaileictreach. Astaítear leictreoin ó dhromchla miotail mar gheall ar radaíocht leictreamaighnéadach ar mhinicíocht ar leith.

Astú leictreon ó dhromchla miotail mar thoradh ar a ionradaíocht le solas. Ní astaítear aon solas muna mbíonn tonnfhad an tsolais níos lú ná luach criticiúil, a bhraitheann ar an ábhar atá i gceist. Ní bhraitheann fuinneamh na leictreon astaithe ar dhéine an tsolais ach ar a thonnfhaid. D'fhionn Heinrich Hertz an iarmhairt seo i 1887, céim bhunúsach i bhforbairt na teoirice candamaí. I 1905 mhínigh Einstein an iarmhairt mar seo: go gcuimsíonn solas aonaid scoite dhea-shainmhínithe (fótóin nó candaim solais), gach ceann le fuinneamh a bhraitheann ar an tonnfhad, is é sin, gur feiniméan candamach é an solas.

Teoiric Fhótaileictreach Einstein[athraigh | edit source]

Léaráid den fhuinneamh cinéiteach an leictreoin is tapa mar fheidhm de mhinicíocht an tsolais ar sinc

I 1905, bunaithe ar obair Max Planck, rinne Einstein ríomh bunaithe ar an tuiscint gur féidir an solas a shamhlú mar 'bheartáin fuinnimh' [1][2]. Tugtar fuinneamh de fhótón amháin, E, leis an bhfoirmle E = h\,f, áit arb é \,f a mhinicíocht agus arb é h an tairseach Planck.

Dar le Einstein, is ionann fuinneamh cinéiteach an leictreoin astaithe is tapa, K_\max, agus an difríocht idir fuinneamh an fhótóin agus feidhm oibre an mhiotail:

K_\max = E - \phi,

K_\max = h\,f - \phi,

áit arb é \phi, feidhm oibre an mhiotail (uaireanta W, nó \varphi), an fuinneamh a bhfuil gá leis chun leictreon a bhaint de dhromchla miotail. Tugtar an fheidhm oibre leis an bhfoirmle seo a leanas:

\phi = h\,f_0,

áit arb é f_0 minicíocht tairsí an mhiotail. Mar sin, is féidir an fhoirmle seo a úsáid don fhuinneamh cinéiteach an leictreoin astaithe is tapa:

K_\max = h \left(f - f_0\right).

Má thiteann fótón ar dhromchla miotail, agus má tá fuinneamh an fhótóin níos mó ná an fheidhm oibre, astaítear leictreon.

Bhuaigh Einstein an Duais Nobel i 1921 [3] bunaithe ar an obair seo.



  1. "Physics" . John Wiley & Sons, Inc. 
  2. "In Search of Schrödinger's Cat" : 42-43. Bantam Books. 
  3. "['http://nobelprize.org/nobel_prizes/physics/laureates/1921/index.html' 'An Duais Nobel san Fhisic i 1921']". 'Nobelprize.org'.