Fórsa láraimsitheach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An fórsa gathach is gá a dhíriú isteach chun réad a choinneáil ar chonair chiorclach. Mar shampla, soláthraíonn an domhantarraingt fórsa mar seo ar an nGealach, á coinneáil i bhfithis timpeall an Domhain. Cuireann an fórsa láraimsitheach luasghéarú láraimsitheach i bhfeidhm sa treo céanna leis an bhfórsa. Nuair a bhíonn réad faoi luas líneach tairiseach ar chonair chiorclach, bíonn a threo (agus mar sin, a threoluas) ag athrú an t-am ar fad, agus is luasghéarú láraimsitheach dírithe i dtreo lár an chiorcail a bhíonn i bhfeidhm air.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fórsa láraimsitheach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 282.