Jump to content

Féin-fhrithchiallach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is féin-fhrithchiallach ann ná focal nó frása a bhfuil dhá bhrí fhrithchiallach leis. Mar shampla, ciallaíonn an frása ar ball “i gceann tamaillín” san abairt “feicfidh mé ar ball thú”, ach ciallaíonn sé “tamall ó shin” san abairt "bhailigh sé thart ar ball".[1]

Tagann samplaí eile ón réimír an- i nGaeilge, a bhfuil dhá bhrí leis[2] — an ghnáthbhrí a threisíonn aidiachtaí (an-mhaith, an-bheag), chomh maith le brí dhiúltach níos annaimhe (anuasal — “umhal, uiríseal”,[3] anaosta — “óg, óigeanta”[4]). Scríobhtar an chéad réimír le fleiscín, ach fuaimnítear na péirí anuasal/an-uasal agus anaosta/an-aosta ar an gcaoi chéanna, agus mar sin deirtear gur féin-fhrithchiallaigh iad.

Samplaí i mBéarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • cleave, br. — “cloígh” nó “gearr”.[5][6]
  • dust, br. — “deannach a ghlanadh” nó “púdar a spré” (m.sh. sa chócaireacht).[5][6]
  • oversight, af. — “maoirseacht” nó “dearmad”.[7]
  • sanction, br. — “pionós a ghearradh” nó “ceadaigh”.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ar ball” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-07-03.
  2. eDIL 2019: An Electronic Dictionary of the Irish Language, based on the Contributions to a Dictionary of the Irish Language”. Acadamh Ríoga na hÉireann (1913–1976). Dáta rochtana: 2024-07-03.
  3. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): anuasal” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-07-03.
  4. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): anaosta” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-07-03.
  5. 5.0 5.1 Nym Words > Autoantonyms”. www.fun-with-words.com. Dáta rochtana: 2016-09-22.
  6. 6.0 6.1 Herman (15 June 2018). “25 Words That Are Their Own Opposites”. mentalfloss.com. Dáta rochtana: 2022-09-10.
  7. Definition of OVERSIGHT” (en). www.merriam-webster.com (2023-09-07). Dáta rochtana: 2023-09-12.