Evanne Ní Chuilinn
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1981 44/45 bliana d'aois Cill Chainnigh, Éire |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 29 Eanáir 2025 – Téarma parlaiminte: 27th Seanad (en) Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iriseoir, polaiteoir |
| Tréimhse oibre | 2004 – |
Is polaiteoir, iriseoir spóirt Éireannach agus láithreoir teilifíse í Evanne Ní Chuilinn (a rugadh ar an 5 Meán Fómhair 1981). Bhí sí ag obair mar láithreoir nuachta spóirt ar RTÉ News: Six One.[1] D'éirigh sí as RTÉ ar an 7 Feabhra 2025[2] nuair a ceapadh í mar Sheanadóir de chuid Fhine Gael.[3]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Ní Chuilinn céim amach in OÉ Gaillimh.[4]
Thosaigh Ní Chuilinn a gairm phroifisiúnta mar fho-eagarthóir le RTÉ Sport in 2004, áit ar oibrigh sí ar chláir spóirt éagsúla ar chúl stáitse. Chuaigh sí ar aghaidh go RTÉ Raidió 1 agus RTÉ 2fm, áit ar léigh sí na scéalta nuachta spóirt gach uair an chloig. Bhí sí ina comhláithreoir ar chraoltaí beo ar chluichí Gaelacha éagsúla. Rinneadh tuairisceoir teilifíse di sa bhliain 2006, ar an gclár spóirt OB Sport ar dtús, ansin mar thuairisceoir taobhlíne ar an Sunday Game in 2007.
In 2008, thosaigh Ní Chuilinn ag obair le Nuacht RTÉ, mar thuairisceoir spóirt ar dtús, agus go gairid ina dhiaidh sin mar láithreoir nuachta spóirt ar RTÉ News: Six One. Ó shin i leith, tá roinnt imeachtaí móra spóirt clúdaithe aici, na Cluichí Oilimpeacha san áireamh.
Fógraíodh in 2023 go gcuirfidh Ní Chuilinn an chéad chraoladh iomlán i nGaeilge ar chluichí ceannais Chraobh Shinsir Iomána na hÉireann i láthair.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Evanne Ní Chuilinn on love, loss and meeting her birth mother”. RTÉ News (23 November 2017). Dáta rochtana: 11 January 2018.
- ↑ "Broadcaster and journalist Evanne Ní Chuilinn resigns from RTÉ and is to become a Fine Gael senator" (en). Irish Independent (2025-02-07). Dáta rochtana: 2025-02-07.
- ↑ "Ceapacháin an Taoisigh chun an 27ú Seanad fógartha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-07). Dáta rochtana: 2025-02-07.
- ↑ "NUIG to host Olive Loughnane". Galway Advertiser. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Feabhra 2019. “Hosted by the NUI Galway alumni group, Olive Loughnane will be in conversation with RTÉ sports journalist and NUI Galway graduate Evanne Ní Chuilinn at 6.30pm on Thursday, November 12.”
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (2023-07-20). "‘Tá súil agam go leanfar leis’ – craoladh iomlán i nGaeilge le déanamh ar chluiche ceannais na hÉireann". Dáta rochtana: 2023-07-20.