Eoghan Ó hEidhin (II)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEoghan Ó hEidhin
Beathaisnéis
Bás1340

Rí Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Eoghan Ó hEidhin (bás 1340).

Is é an duine deireanach dá mhuintir ar a tugadh an teideal rí Uí Fhiachrach Aidhne. Ba é a chomhainmneach Eoghan Ó hEidhin, a d'éag sa bhliain 1253, an t-iar-dhuine leis an teideal úd. Sna hannála Éireann, feictear idir an dá linn beirt fhear Uí Eidhin, cé nach deirtear gur ríthe iad:

  • ACM 1263.5: Maol Fabhaill Ua h-Edhin do marbhadh lá Gallaibh.
  • ACM 1326.4. Nicholas Ó hEidhin d'éag.

De réir na hannála, maraíodh Eoghan ag a mhuintir féin, gan sonraí eile inste.[1] Bhíodh a mhuintir ina thaoisigh Choill Ua bhFiachrach go dtí gur ruaigeadh iad ag Cromwell sna 1650í. Bhí Ceann na Fine ina chónaí ámh gar do Chinn Mhara chomh déanach is 1840.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ACM 1340.10
Réamhtheachtaí
Eoghan Ó hEidhin
Rí Uí Fhiachrach Aidhne
?–1340
Comharba
Folamh