Ellen Cuffe, Cuntaois Lios Loinín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEllen Cuffe, Cuntaois Lios Loinín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meán Fómhair 1857
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Meitheamh 1933
75 bliana d'aois
Seanadóir na hÉireann
11 Meán Fómhair 1922 – 29 Meitheamh 1933
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileWilliam Cuffe, 4ú hIarla Lios Loinín (1881–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenri Louis Bischoffsheim  agus Clarissa Bischoffsheim

Find a Grave: 26535336 Cuir in eagar ar Wikidata

Bean ghnó agus Seanadóir de chuid Shaorstát Éireann ba ea Cuntaois Lios Loinín[1][2] (Béarla: Countess of Desart) a rugadh 1 Meán Fómhair 1857 agus a d'éag 29 Meitheamh 1933. Bhí sí ar an gcéad bhean in Éirinn a bronnadh saoirse na cathrach uirthi mar gheall ar an mbaint a bhí aici le gnóthaí áitiúla i gCill Chainnigh.[3]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

curtha in Falmouth, Cornwall

Rugadh Ellen Bischoffsheim sa teaghlach Giúdach mór le rá Bischoffsheim i Londain ar 1 Meán Fómhair 1857. Ba í an iníon ba shine le baincéir agus milliúnaí agus cuireadh oideachas príobháideach uirthi.

Phós sí an t-úrscéalaí William Ulick O’Connor Cuffe (1845–1898), 4ú hIarla Bhaile Mhic Dháith ar 29 Aibreán 1881 in Mayfair. Chuir sí fúithi i gCúirt Bhaile Mhic Dháith, in aice le Gráinseach Chuffe, Contae Chill Chainnigh[4][5] Nuair a bhásaigh William Cuffe, chuaigh sí ina cónaí in 'Aut Even' (Áit Aoibhinn).

Ba uachtarán dá craobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge í. Thacaigh sí le Conradh na Gaeilge agus mhaoinigh sí scéimeanna lena n-áirítear bunú amharclann Chill Chainnigh, Muileann Olla Chill Chainnigh Teo agus Adhmadóirí Chill Chainnigh Teo, a dhíol a cuid earraí ó shiopa i Sráid Nassau, Baile Átha Cliath.

Thug sí a lán airgid do chúiseanna charthanachta i gCill Chainnigh, thóg sí agus thug sí feistiú do leabharlann na cathrach, bhunaigh sí ionad áineasa, Halla Bhaile Mhic Dháith, chomh maith le hOspidéal Aut Even. Bronnadh Saoirse Chill Chainnigh ar Chuntaois Bhaile Mhic Dháith in 1910.[6]

Seanadóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an chéad sheanadóir Giúdach in Éirinn í, sa bhliain 1922 agus ina comhalta den Seanad ó 1922 go dtí go bhfuair sí bás sa bhliain 1933.

In ainneoin a rannpháirtíochta gníomhaí i ngnóthaí agus sa saol poiblí, chuaigh sí i mbun feachtais in aghaidh ceart vótála do mhná agus vótáil sí i bhfabhar Bhille Rialuithe na Státseirbhíse (Leasú) 1925, a raibh sé mar aidhm leis mná a choinneáil ag gráid ísle na Státseirbhíse.

Le linn an ama a chaith Cuffe sa Seanad, chuir sí in aghaidh cosc a chur ar cholscaradh a d’fhéach sí air mar shaoirse a bhí deimhnithe sa Bhunreacht don mhionlach nár Chaitlicigh iad.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Lios Loinín/Desart Demesne" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-07-02.
  2. nó Cuntaois Bhaile Mhic Dháith
  3. Tithe an Oireachtais (2022-09-22). "Seanad100 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2023-07-02.
  4. "Gráinseach Chuffe/Grangecuffe" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-07-02.
  5. "Stop by Peaceful Cuffes Grange in County Kilkenny" (en). Discover Ireland. Dáta rochtana: 2023-07-02.
  6. Tithe an Oireachtais (2022-02-18). "Seanad100 | Comhaltaí an Chéad Seanaid – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2023-07-02.