Eibhlís Uí Chróinín (amhránaí ar an sean-nós)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Elizabeth Cronin)
Infotaula de personaEibhlís Uí Chróinín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Bealtaine 1879
An Ráth Thiar, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Meitheamh 1956
77 bliana d'aois
Maigh Chromtha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisCeol gutha
Teaghlach
PáisteDonncha Ó Cróinín Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 4bceefac-a25f-4cbb-a3af-c3160b3f17c0 Discogs: 911129 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí ar an sean-nós agus bailitheoir amhrán ab ea Eibhlís Uí ChróinínElizabeth "Bess" Cronin (30 Bealtaine 1879 i Ré na nDoirí[1]22 Bealtaine 1956 i Maigh Chromtha).[2] Bhí stór mór amhráin, seanchais agus scéalta aici.[3] Bhronn Séamus Ennis "Banríon na n-Amhrán" uirthi.[4][5]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baile Mhic Íre (Ballymakeera)

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Máighreád Ní Thuama a máthair agus Seán ‘Máistir’ Ó hIarlaithe a hathair.[6] Bhíodar beirt, agus pobal an cheantair, go mór fé thionchar ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge ag an am. Le bunú an ‘Oireachtas’ in 1897, spreag na comórtais amhránaithe agus scéalaithe na dúthaí chun gnímh. D’éirigh chomh maith leo gur baisteadh Príomhchathair na Gaeltachta ar ‘Bhaile Mhúirne’  sa bhliain 1900.

'Bess'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh  Bess Cronin i mBealtaine na bliana 1879 sna Foithrí i bparóiste Bhaile Bhuirne.

An chéad uair riamh a chan Bess Cronin go poiblí de réir dealraimh ná ag Feis i Maigh Chromtha in 1899 agus gan í ach deich mbliana d’aois.

Phós Bess Seán Ó Cróinín. Bhí cónaí orthu i gCarraig an Adhmaid i mBaile Mhic Íre. Bhí ceathrar mac acu agus aon iníon amháin.[7]

Thug sí go fial agus go flaithiúil dá stór amhrán do bhailitheoirí i mBaile Mhúirneː Séamus Ennis, Diane Hamilton, Seán Mac Réamoinn, Alan Lomax, Jean Ritchie, Ciarán Mac Mathúna, srl.

D’éag Bess ar 22 Bealtaine 1956 agus d’fhág sí ina diaidh oidhreacht amhrán olmhór, idir Béarla agus Gaeilge. Cuireadh í i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne í,

Cuireadh í i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne í

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig bailiúchán amhrán sa bhliain 2021, i leabhar & dlúthdhioscaí athnuaite, a scríobh, cuid acu nár chualthas ó bhásaigh sí sa mbliain 1956. Sé a garmhac, an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín eagarthóir an tsaothair. Tá cuid den saothar i gcartlann RTÉ agus BBC agus cuid de chomh maith i gcartlann ar Shaol na Tuaithe i Leabharlann Thithe na Comhdhála in Washington, DC.[3]

Garnia di an t-amhránaí Iarla Ó Lionáird.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ré na nDoirí/Reananerree" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-21.
  2. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “UÍ CHRÓINÍN, Eibhlís (1879–1956) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  3. 3.0 3.1 "Cronin, Elizabeth (‘Bess’) | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-11-21.
  4. Nuacht RTÉ (2021-11-19). "Seoid sa bhreis in athfhoilseachán nua Bess Cronin" (as ga). 
  5. ‘Bean bheag théagartha ab ea í, a raibh aoibh an gháire ’na héadan agus loinnir a’ ghrinn ina súile agus binneas a’ cheoil ’na béal agus í gan fuadar a’ réiteach a’ té agus a’ leagadh an bhúird romhainn…’ a scríobh Ennis
  6. Seosaimhín Ní Bheaglaoich (Eanáir 2022). "Banríon amhrán Mhúscraí – ceiliúraimis í, canaimis a cuid amhrán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-13.
  7. "UÍ CHRÓINÍN, Eibhlís (1879–1956)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-21.