Elish Lamont
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1800 |
Bás | 28 Iúil 1870 69/70 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir, scríbhneoir |
Péintéir mionphortráidí Éireannach ab ea Elish Lamont nó Elish La Mont(e) (c.1800/1816 – 28 Iúil 1870).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Elish Lamont isteach i dteaghlach gnóthadóirí aithnidiúil i mBéal Feirste, sa bhliain 1800 nó 1816.[2] John Lamont, stáiseanóir agus clódóir, a hathair. Chuaigh Elish go Londain le hoiliúint mar mhiondealbhóir, agus é sin críochnaithe aici phill sí go Béal Feirste. Faoin bhliain 1837, bhí sí ag obair go proifisiúnta mar ealaíontóir. Le linn a gairmré i mBéal Feirste, chuaigh Lamont a chónaí ag seoltaí difriúla sa chathair, agus chaith sí tamall ina cónaí lena deartháireacha, John, uaireadóir agus radharceolaí, agus an Dr Aeneas Lamont, máinlia. In éineacht le duine luaite mar Miss Rock, chuir sí scoil chónaí agus lae ar bun sa bhliain 1851. I réamheolaire na scoile, cuirtear síos uirthi mar theagascóir cleachta le taithí aici i Sasana, sa Fhrainc agus sa Ghearmáin. Fán bhliain 1856, áfach, ní raibh aon bhaint aici leis an scoil.
D'aistrigh Lamont go seoladh ar Sr. Clare, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1857, agus bhí cónaí uirthi ansin go 1859. Ní ba dhéanaí ina saol, chuaigh sí go Sasana, mar ar chuir sí aithne ar Daniel Maclise, John Ruskin, agus Charles Dickens. Shíothlaigh Lamont ar 28 Iúil 1870, in Rochester Castle, Boley Hill, Rochester, Kent.[1][3]
A saothar ealaíne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag tús a gairmré, thaispeáin Lamont a bpictiúirí le Cumann Ealaíontóirí Bhéal Feirste sna blianta 1837 agus 1838. Bhí a saothar ar taispeáint chomh maith leis an Royal Hibernian Academy (RHA) ó 1842 go 1858, agus arís sa bhliain 1870. Is dócha gurbh ise an "Mrs Lamont" a bhí páirteach i dtaispeántas an Northern Irish Art Union i mBéal Feirste i 1843 le dhá mhionphortráid. Thaispeáin sí 7 mionphortráid in Acadamh Ríoga na hEalaíne (RA) sna blianta 1856–1859 faoin ainm "Miss La Monte". Tá Lamont ar na mná ba thúisce i mBéal Feirste dár éirigh leo saol proifisiúnta san ealaín a bhaint amach dóibh féin, agus tá a fhios gur éirigh go maith léi. Coimisiúnadh í chun mionphortráidí a dhéanamh do neart teaghlach den uasaicme i dTuaisceart na hÉireann.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mionphortráid de Miss O'Hara as Baile Meánach i Músaem Uladh. Arna rochtain ar 21 Samhain 2916 Curtha i gcartlann 2015-07-08 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Dictionary of Irish Biography" (2009). Cambridge: Cambridge University Press.
- ↑ "LAMONT (or LA MONTE), ELISH".
- ↑ "Elish Lamont (c.1800 - 1870): Artist".