Eitilt Aloha Airlines 243

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEitilt Aloha Airlines 243
Íomhá
Map
 20°32′N 156°17′W / 20.54°N 156.28°W / 20.54; -156.28
Cineáltimpiste eitlíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana28 Aibreán 1988 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhKahului, Hawaii Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
CúisStrustuirse Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe65 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí94 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar 24 Feabhra 1989, b'éigean do eitleán le comhlacht 'Aloha Airlines', Eitilt 243, tuirlingt éigeandála a dhéanamh nuair a tharla pléasc agus dí-chomhbhrú le linn na heitilte. Stróiceadh cuid de dhíon an eitleáin. Níor maraíodh ach aon duine amháin agus gortaíodh 65 eile.[1][2][3] Eitleán de dhéantús 'Boeing 737' a bhí ann, a thosaigh ag eitilt in 1967.

Eachtra[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imigh an t-eitleán ó Hilo, Havái ar a shlí go Honolulu. 23 nóiméad níos déanaí, tharla an eachtra ag airde 7,300 m.

Súdh duine amháin den chriú amach as an eitleán, trí pholl mór sa díon.

B'éigean don eitleán tuirlingt éigeandála a dhéanamh ag aerfort Idirnáisiúnta Honolulu, Haváí. Idir éirí de thalamh agus tuirlingt, mhair an eitilt 36 nóiméad.

Ní raibh a fhios ag na píolótaí céard a tharla i ndáiríre ag an am. Ar an 21 Nollaig 1988, maraíodh 270 duine nuair a phléasc buama ar bord eitilte de chuid Pan Am (Eitilt 103) i Loch Earbaí san Alban. Ach an uair seo, bhí fabht struchtúrach agus strustuirse miotail i gceist . Bhí an obair chothabhála de chuid Aloha lochtach chomh maith.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]