Strustuirse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Laige a fhásann i struchtúr miotalach a fhulaingíonn struis atrialacha, is cuma uaineach nó tréimhsiúil iad. Mar thoradh ar an lagú leanúnach seo, is féidir go gclisfidh an struchtúr faoi ualach a bhíodh sé in ann a sheasamh is a iompar go héasca (gan cliseadh) ar dtús. Bhí an feiniméan ar eolas sa 19ú céad, ach rinneadh staidéar an-dian uirthi i ndiaidh tubaiste eitleáin Comet i 1954. Tuigtear gur meicníocht cosúil le sip ag leibhéal na n-adamh i struchtúr criostalta an mhiotail a bhíonn i gceist, agus deartar struchtúir mhiotalacha chun strustuirse a sheachaint, páirteanna íogaire i struchtúr a thástáil go rialta, is páirteanna nua a chur ina n-ionad go rialta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Strustuirse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 632.