Eisigéis

Is éard is eisigéis[1][2] ann (Sean-Ghréigis: ἐξήγησις óἐξηγεῖσθαι, “treorú amach”) ná léirmhíniú nó ciallú criticiúil ar théacs. Go traidisiúnta, úsáideadh an téarma go príomha i gcás téacsanna reiligiúnacha, go háirithe an Bíobla Críostaí. Sa lá atá inniu ann, áfach, féadfaidh léirmhíniú criticiúil a bheith i gceist le heisigéis, i gcás beagnach aon téacs — ní hamháin téacsanna reiligiúnacha, ach saothair fealsúnachta, litríochta, nó beagnach aon seánra scríbhneoireachta eile. Is féidir an frása “eisigéis Bhíobalta” nó “tráchtadh an Scrioptúir”[3] a úsáid chun staidéar ar an mBíobla a idirdhealú ó mhínithe criticiúla eile ar théacsanna.
Iniúchann critíc théacsúil stair agus bunús an téacs, ach d'fhéadfadh staidéar ar chúlraí stairiúla agus cultúrtha an údair, an téacs, agus an lucht éisteachta bunaidh a bheith san áireamh san eisigéis. I measc na n-anailísí eile tá aicmiú na gcineálacha seánraí liteartha a chuirtear i láthair sa téacs agus anailís ar ghnéithe gramadaí agus comhréire sa téacs féin.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““exegesis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-11.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “exegesis — Aistriúchán Gaeilge ar exegesis (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-11.
- ↑ ““tráchtadh an Scrioptúir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-11.