Einceifileapaite spúinseach bhólachta
![]() ![]() | |
Cineál | galar prióin, bovine disease (en) ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | néareolaíocht agus tréidliacht ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0250916 ![]() |
OMIM | 123400 ![]() |
MeSH | D016643 ![]() |
UMLS CUI | C0085209 ![]() |
DOID | DOID:5435 ![]() |
Galar céimnitheach atá marfach don néarchóras lárnach in eallach is ea Einceifileapaite spúinseach bhólachta (BSE i mBéarla). Is minic a thugtar galar na bó buile (nó galar na mbó buile nó mire) air freisin.
Cuireann sí isteach ar struchtúr na hinchinne. Is iad na siomptóim a bhíonn ag an ainmhí ionfhabhtaithe ná athruithe ina iompar is droch-chomhordú.

Níl aon leigheas ná cóireáil air, agus is gá an t-ainmhí a mharú. I dtástálacha iarbháis fuarthas an inchinn meathlaithe ina mais spúinseach, díreach cosúil le hinchinn caorach atá ionfhabhtaithe leis an scráibeach, galar seanbhunaithe caorach. Cinneadh faoi dheireadh gur gníomhaí próitéine de shaghas nua, a dtugtar prión anois air, ba chúis leis an ngalar.

Cinneadh freisin go raibh dóchúlacht ard gur tarchuireadh na prióin ó chaoirigh trí mhin ionfhabhtaithe feola is cnámh a bheith á hithe ag na ba. Fuarthas freisin go raibh na prióin an-fhrithsheasmhach i gcoinne teasa is antaiseipteán. Cuireadh cosc ar úsáid a leithéid de mhin agus aon fhíocháin néarógaigh as ba leis an ngalar seo.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba sa Bhreatain a tharla an chéad chás den ghalar, i 1986.
Ar an 30 Bealtaine 1990, chuir an Fhrainc cosc ar fheol as an mBreatain[1] agus tharla an rud céanna i dtíortha eile níos déanaí.
Scaip an galar ar fud na Breataine agus mhéadaigh na cásanna gur tharla an 100,000ú cás sa bhliain 1993. Ina dhiaidh sin laghdaigh na tarluithe ó bhliain go bliain.
Galar Creutzfeldt-Jakob[cuir in eagar | athraigh foinse]
I rith na 1990idí bhí imní fhorleathan go dtarchuirfí an galar do dhaoine.
Fuarthas gur gníomhaí prióin is cúis leis an saghas daonna den ghalar, galar Creutzfeldt-Jakob, agus go mbíonn siad flúirseach i gcolainn an ainniseora infhabhtaithe. Is dócha gur tarchuireadh an galar ó chaoirigh nó ba do dhaoine anois is arís, agus b'fhéidir ó dhuine go duine.
Ós rud é go bhfuil sé fíordheacair an prión galrach a chloí, d'éirigh na dochtúirí buartha faoi steiriliú ionstraimí i gcomhair obráidí agus chuireadar modhanna steirilithe níos déine ar bun.[2]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "1990: France bans British beef imports" (en-GB) (1990-05-30). Dáta rochtana: 2019-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Einceifileapaite spúinseach bhólachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 242.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |