Rangú neamhchoitianta galar a tharchuirtear ag oibreáin ionfhabhtaithe, déanta as próitéiní nó giotaí de phróitéiní, meastar. Cumadh an t-ainm as an téarma ‘páirteagal ionfhabhtaithe próitéineach’ (proteinous infectious particle). Faightear é i ndaoine (mar shampla, galar Creutzfeldt-Jakob) agus ainmhithe (mar shampla, scráibeach i gcaoirigh, einceifileapaite spúinseach bólachta — galar na mbó mire — i mba). Sna galair seo tarlaíonn meath forchéimnitheach sa néarchóras le hathruithe paiteolaíocha, ina measc poill bheaga sna cealla (folúisíní) ar tugadh an t-ainm einceifileapaite spúinseach ar an riocht astu, agus deascáin mhínormálta próitéine, fillte go mór. Cuirtear isteach ar fheidhmeanna uile na hinchinne, agus mar thoradh air sin tarlaíonn neamhoird gluaisne is néaltrú do dhuine/ainmhí. Is féidir an galar a fháil sa bhroinn, a tholgadh go randamach, agus a tharchur ó ainmhí go hainmhí, de speiceas amháin nó speicis éagsúla. I dtolgadh dúchasach, féadfaidh sóchán géiniteach a bheith taobh thiar de chun an prión a tháirgeadh. Is féidir le tarchur ionfhabhtaithe tarlú trí ionachlú nó ionghabháil fíocháin (fíocháin intinne is néaróige, go háirithe) ó fhoinse ionfhabhtaithe. Is ábhar mór imní an seans gur féidir an galar a tharchur ó bha go daoine.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.