Antaiseipteán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Antaiseipteán

Ábhar a mharaíonn miocrorgánaigh (frídíní) nó a chuireann bac ar a bhfás. Bhí úsáid ceimiceán ar leith chun srian a chur ar bhracadh gortuithe is scaipeadh galar, agus coirp mharbha a chaomhnú (balsamú), go forleathan ar feadh na gcéadta bliain sara raibh aon eolas nó tuiscint ar mhiocrorgánaigh. Thug Lister cleachtadh na máinliachta antaiseiptí isteach le húsáid feanóil i 1865. Is iad na antaiseipteáin is coitianta na halcóil, na feanóil, salainn na miotal trom, agus comhdhúile a fhuasclaíonn clóirín is iaidín.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Antaiseipteán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 41.