Eilat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Eilat

Cathair in Iosrael is ea Eilat. Is é Eilat an chathair is faide ó dheas sa tír úd, agus é suite ar cheann thuaidh na Mara Rua ar Mhurascaill Aqaba. Cuid an-chaol d'Israel atá ann: Tá Eilat lámh le sráidbhaile san Éigipt, Taba, ó dheas agus Aqaba, cathair san Iordáin, taobh thoir de Eilat. Is féidir, freisin, an Araib Shádach a fheiceáil ach féachaint soir ó dheas trasna na murascaille. Calafort sách mór agus baile saoire is ea Eilat. Tá 47,700 duine ina gcónaí ann.