Eifimiris
Appearance
Sa réalteolaíocht, tábla a thugann ionad is gile rinn spéire (cóiméad, pláinéad) ina fithis, ríomhaithe ó na sonraí atá ar eolas mar gheall ar an bhfithis (an tréimhse fithise, an claonadh, an éalárnacht, an treo is an t-ionad agus é ag trasnú plána meánchiorclach a phríomhreanna). Úsáidtear an t-ainm céanna do leabhar a fhoilsítear gach bliain a thugann liosta na bhfeiniméan réalteolaíoch a réamhinsítear don bhliain ina dhiaidh sin (mar shampla, uruithe pláinéad, na Gealaí is na Gréine).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eifimiris". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 241.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |