Edwin Poots
Is polaiteoir aontachtach é Edwin Poots, (a rugadh ar an 27 Bealtaine 1965). Is ball é de Pháirtí Aontachtach Daonlathach. Ba Chomhalta den Tionól Reachtach é do Gleann an Lagáin, ó 1998 go 2022. Is Comhalta den Tionól Reachtach é do Béal Feirste Theas, ó 7 Márta 2022[1].
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Prótacal Thuaisceart Éireann. Dúirt Poots i mí na Bealtaine 2021 nach bhfuil sé d'aidhm aige freastal ar chruinnithe na Comhairle Thuaidh-Theas, go dtí go mbeidh ceist an Phrótacail réitithe.[2]
Iar-Cheannaire ar an DUP
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2021, toghadh Poots ina cheannaire ar an DUP tar éis dó an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic Jeffrey Donaldson. 36 feisire ar fad atá ag an bpáirtí ag an am, agus vótáil 19 díobh ar son Edwin Poots agus 17 ar son Jeffrey Donaldson.[3]
Cúpla seachtain níos déanaí, ghlac Edwin Poots - trí mhainneachtain ar aon chuma - le cinneadh Rialtas na Breataine a fógraíodh go deireanach aréir Acht Gaeilge a rith i Westminster mura rithfí é i Stormont faoi dheireadh Mheán Fómhair.[4] Ach bhí formhór fheisirí an pháirtí ar buile faoi.
Ar 18 Meitheamh 2021, d'éirigh Poots as mar cheannaire an DUP tar éis d'fhormhór fheisirí an pháirtí cur in aghaidh a chinnidh Céad-Aire a ainmniú ainneoin a gcuid míshástachta faoi chinneadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart. Ag cruinniu, chuir formhór fheisirí comhthionóil agus parlaiminte an DUP a míshástacht in iúl faoi chur chuige cheannaire an pháirtí. Vótáil 24 den 28 feisire comhthionóil agus seachtar den ochtar feisire parlaiminte ag an gcrunniú in aghaidh a raibh beartaithe ag Edwin Poots.[4]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cruthaíochtaí é Poots.[5] Ní ghlacann sé le teoiric éabhlóide Darwin. Creideann sé gur cruthaíodh an domhan 6,000 bliain ó shin agus ní raibh na dineasáir ann riamh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "DUP confirm Edwin Poots will take Christopher Stalford's South Belfast seat" (en-GB). BBC News (2022-03-07). Dáta rochtana: 2022-03-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-16). "Ráiteas Poots séanta ag an Aire Coveney" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-14). "Edwin Poots ceannaire nua an DUP" (as ga).
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2021-06-17). "Edwin Poots éirithe as mar cheannaire an DUP" (as ga).
- ↑ "Creationism and political power in Northern Ireland" (en). www.newstatesman.com. Dáta rochtana: 2021-05-17.