Jump to content

Christopher Stalford

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChristopher Stalford

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Eanáir 1983
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Feabhra 2022
39 bliana d'aois
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 – 19 Feabhra 2022 (bás in oifig)Edwin Poots 


Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


High Sheriff of Belfast (en) Aistrigh
2010 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Wellington College Belfast (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, comhairleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla


X: CStalfordMLA Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir aontachtach é Christopher David Matthew Stalford, (17 Eanáir 1983 - 19 Feabhra 2022). Ba bhall é den Pháirtí Aontachtach Daonlathach. Ba chomhalta den Tionól Reachtach é do Bhéal Feirste Theas, ó 2016 go 2022.[1]

Scéal a bheatha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i mBéal Feirste é agus tógadh sna hÁrasáin Annadale i ndeisceart Bhéal Feirste. Rinne sé staidéar ar Choláiste Wellington agus Ollscoil na Banríona. Tar éis ollscoile, d'oibríodh sé san oifig Eorpach de chuid Jim Allister trí lá in aghaidh na seachtaine agus san oifig de chuid Peter Weir dhá lá in aghaidh na seachtaine. Bhog sé go dtí an phreasoifig PAD le sé bhliana agus an t-aonad polasaí i ndiaidh sin.

Sa bhliain 2005, toghadh ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste é do Bhruach an Lagáin. Sa bhliain 2014, toghadh arís é don cheantar Bhaile Mhoireil. Bhí sé ina Ard-Sirriam do Bhéal Feirste sa bhliain 2010 agus bhí sé ina Leas-Ardmhéara ó 2013 go 2014.

Sa bhliain 2016, toghadh ar Tionól Thuaisceart Éireann é do do Bhéal Feirste Theas agus toghadh arís é sa bhliain 2017. Ba é an Leas-Cheann Comhairle é ó 2017 go 2022.

Fuair sé bás go tobann ar 19 Feabhra 2022. [2][3]. Cé go gcuireadh síos dó gurbh Aontachtaí tiomanta é ach chuaigh polaiteoirí as roinnt páirtithe eile go dtí a shochraid, John O'Dowd, Deirdre Hargey, Claire Hanna agus Naomi Long san áireamh.

  1. "The Northern Ireland Assembly" (en-GB). www.niassembly.gov.uk. Dáta rochtana: 2026-01-22.
  2. Vincent Kearney (2022-02-20). "Tributes paid after death of DUP's Christopher Stalford" (as en).
  3. "DUP MLA Christopher Stalford dies aged 39" (en-GB). BBC News (2022-02-20). Dáta rochtana: 2022-02-21.