Cruthaíochtachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cruthú d'Adam

Fealsúnacht é an cruthaíochtachas a ghlacann leis gurbh é Dia - de ghnáth, Dia na Críostaíochta, an Ioslaim, nó an Ghiúdachais - a chruthaigh an ollchruinne mar atá sí. Mar is minicí a thuigtear an téarma inniu, is ionann é agus frithéabhlóideachas - is é sin, is é an rud is mó a shamhlaítear leis an "gcruthaíochtachas" ná na bunúsaithe Críostaí a dhiúltaíonn don Darwineachas agus do thuiscint Charles Darwin d'fhorbairt na speiceas.