Edwin Chargaff
Cuma
Bithcheimicí a rugadh i Chernovtsy na hÚcráine (Czernowitz na hOstaire is na hUngáire ag an am) ab ea Edwin Chargaff (11 Lúnasa 1905 – 20 Meitheamh 2002). Gearmánis a bhí aige ó dhúchas. Chuir sé faoi sna Stáit Aontaithe nuair a tháinig na Naitsithe chun cumhachta i lár na hEorpa. Rinne sé taighde bunúsach ar chóimheas na mbun atá i láthair sa DNA, agus leag síos na rialacha a threoraíonn é (rialacha Chargaff). Ba bhunshraith an-tábhachtach í seo i réiteach struchtúr dé-héilicse DNA i 1953.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Edwin Chargaff". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 132.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |