Edward Teller
Appearance
Fisiceoir a saolaíodh i mBúdaipeist agus a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ab ea Edward Teller (15 Eanáir 1908 – 9 Meán Fómhair 2003). Chuir sé go mór leis an tuiscint nua-aoiseach ar bhunús fhuinneamh na Gréine, an comhleá ina croíleacán. Ball d'fhoireann Fermi a chuir an chéad imoibriú slabhrúil núicléach ar siúl i 1941. D'oibrigh sé ar Thionscadal Manhattan chun an buama adamhach eamhnaithe a fhorbairt i Los Alamos, 1943-1945. Thacaigh sé le forbairt an H-bhuama chomhleáite is a thástáil i 1952.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Edward Teller". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |