Edward Marshall Hall
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Meán Fómhair 1858 Brighton, England |
Bás | 24 Feabhra 1927 68 bliana d'aois |
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
3 Nollaig 1910 – 1 Feabhra 1916 (appointed as a judge (en) ) Téarma parlaiminte: 30ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Liverpool East Toxteth (en) | |
Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
15 Eanáir 1910 – 28 Samhain 1910 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 29ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Liverpool East Toxteth (en) | |
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
1 Deireadh Fómhair 1900 – 8 Eanáir 1906 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 27ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Southport (en) Toghadh i: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1900 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Naomh Eoin |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | abhcóide, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | An Páirtí Coimeádach |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Abhcóide Sasanach ab ea Sir Edward Marshall Hall, KC (16 Meán Fómhair 1858 – 24 Feabhra 1927) Is dócha gurbh é an t-abhcóide cosanta ba cháiliúla lena linn, mar gheall ar líon na gcásanna iomráiteacha inar chosain sé daoine a bhí i mbaol a gcrochta, ar feadh na mblianta fada.[1]
Bhí a chuid roscaireachta suaithinseach de bharr a déine mothúchánaí, go mór mór má bhí bean á cosaint aige, ach bhí tionchar i bhfad níos lú aige i réimse na polaitíochta, cé go raibh sé ina Fheisire Aontachtach é, ó 1900 go 1906 agus arís ó 1910 go 1916.[2]
Theip air an aidhm a bhí aige go gceapfaí ina bhreitheamh den Ard-Chúirt é a bhaint amach; dealraíonn sé gurb é an fáth a bhí leis sin ná gur measadh go raibh sé i bhfad ní b'fhearr mar abhcóide ná mar a bhí sé mar dhlíodóir.[3]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Edward Marshall Hall" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-02-24.
- ↑ "Sir Edward Marshall Hall - National Portrait Gallery" (en). www.npg.org.uk. Dáta rochtana: 2021-02-24.
- ↑ Inner Temple library. "Sir Marshall". Dáta rochtana: 2021.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |