Edward Hayes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdward Hayes
Beathaisnéis
Breith1810
Contae Laoise Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Samhain 1870
59/60 bliana d'aois
Kilmore, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMelbourne General Cemetery (en) Aistrigh, Section: L Grave Number: 12/13 Religion: R-C 37°47′17″S 144°57′57″E / 37.788147°S 144.965758°E / -37.788147; 144.965758 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmstocbhróicéir, státseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Find a Grave: 190620199 Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire Gaeilge agus náisiúnach Éireannach ba ea Edward Hayes (1810 – 1870). Rinne sé bailiúchán mór de bhailéid Bhéarla na hÉireann. Bhain sé an Astráil amach, áit ar fhág sé a rian ar shaol na tíre agus ar ghnóthaí na nGael.

A bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é i gContae Laoise. Bhí sé ina cheannaire ar an Irish Confederation, eagraíocht réabhlóideach a bunaíodh sa bhliain 1847. Nuair a theip ar éirí amach na bliana 1848 d’aistrigh sé féin agus a bhean chéile anonn go Sasana.

Agus é ag obair mar stocbhróicéir in Leeds chuir sé The Ballads of Ireland, saothar dhá imleabhar, le chéile. Foilsíodh é den chéad uair sa bhliain 1855 i nDún Éideann agus bhí iarraidh mhór air. Ba sa bhliain sin freisin a chuaigh Hayes agus a chúram go dtí Melbourne na hAstráile. Chuaigh sé ag obair sa Colonial Bank ar dtús agus i Roinn Iarnród Victoria ina dhiaidh sin. Bhí suim aige i gcúrsaí poiblí agus scríobhadh sé chun na nuachtán. Bhí síntiús aige leis an gCumann Oisíneach agus bhí clú air mar scoláire Gaeilge.

Sa bhliain 1862 cailleadh a iníon Honora in aois a hocht mbliana déag. Tá inscríbhinn Ghaeilge ar a tuama i Mór-Reilig Melbourne. Ba mhillteanach an babhta ar Hayes é: tháinig sé idir é féin agus a chuid oibre agus tháinig saghas parailise air. Bhí easpa airgid ar an teaghlach agus d’aistrigh siad ó Melbourne go Kilmore, baile a raibh mórán Éireannach ina gcónaí ann. Bhí buaireamh eile i ndán do Edward agus do Ann: cuireadh a mac isteach i dteach na ngealt.

Sa bhliain 1864 dhíol Hayes a leabharlann, cnuasach a raibh os cionn 3,000 leabhar ann. Bhí roinnt lámhscríbhinní Gaeilge ina measc, agus b’fhéidir go raibh dhá lámhscríbhinn atá anois i Leabharlann Stáit Victoria orthu sin. Cúig bliana ina dhiaidh sin bhailigh Séarlas Gabhánach Ó Dubhthaigh agus daoine eile airgead ón bpobal leis an teaghlach a chothú.

Fuair Hayes bás sa bhliain 1870 in aois a sheachtó bliain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Noone, Val (2012). Hidden Ireland in Victoria, lch 50. Ballarat Heritage Services. ISBN 978-1-876478-83-4

[1] The Ballads of Ireland. Collected and edited, with notes historical and biographical, by Edward Hayes, Esq.. Dublin: James Duffy, & Sons (gan dáta).

[2] Meamram Páipéir Ríomhaire: dhá lámhscríbhinn scanáilte (MS 10595 agus MS RARES 091 C76) i Leabharlann Stáit Victoria

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil