Éadbhard Brús

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Edward Bruce)
Jump to navigation Jump to search
Éadbhard Brús (Edward Bruce)
Ard-Rí na hÉireann
Grave Of King Edward De Bruce.jpg
Uaigh an rí Éadbhard Brús
Réimeas 13151318
Dáta báis 14 Deireadh Fómhair 1318.
Áit bháis Fochaird
Réamhtheachtaí Brian Ó Néill

Ard-Rí na hÉireann idir na blianta 1315 agus 1318 ab ea Éadbhard Brús (Edward Bruce) (1280 - 14 Deireadh Fómhair 1318). Albanach, ba deartháir le Roibeard Brús, rí na hAlban, é. Fuair Éadbhard Brús bás sa bhliain 1318 ag Cath Fhochairde i gContae Lú.

Comhthéacs[athraigh | athraigh vicithéacs]

Eachtra chinniúnach i stair na hÉireann agus i stair na hAlban araon a bhí i gcorónú Eadbhaird ina Ard-Rí Éireann agus ina fheachtas míleata i n-aghaidh thiarnas na nAngla-Normánach in Éirinn.[1]

Ionradh Brús a thugtar ar an bhfeachtas sin a chuir athrú ar leathnú na nAngla-Normánach in Éirinn agus a threisigh le feachtas an neamhspleáchais in Albain ionas gur tháinig chun cinn le himeacht aimsire an dá náisiún ar a dtugtar Éire agus Albain sa lá atá inniu ann.

Sa bhliain 13151316, corónaíodh Éadbhard Brús ina ar Éirinn, in aice le Dún Dealgan, b'fhéidir (níl na staraithe cinnte).[2].

Cogaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Timpeall an Charghais, sa bhliain 1314, chuir Éadbhard Brús, deartháir Rí na nAlbanach, tús leis an léigear ar Chaisteal Sruighlea, a bhí faoi cheannas Sir Philip Mowbray. Nuair nárbh fhéidir le Éadbhard bua a chur i gcríoch, shocraigh sé comhaontú le Mowbray - mura thagann aon fhaoiseamh roimh Oíche Fhéile Eoin 1314, bheadh air an caisleán a ghéilleadh d'Éadbhard.

An bhliain dár gcionn, tháinig Éadbhard Brús go hÉirinn chun fronta Gael eile a chruthú in aghaidh na Sacsanach. Bhí tíorántacht dhofhulaingthe i gceist sa tír. Mar shampla, chuir Éadbhard Brús an séipéal i mBaile Átha Fhirdhia trí thine agus an pobal fós istigh ann[3].

I mBealtaine 1316, rinne Éadbhard II Iarla ar Chill Dara de Sheán Mac Gearailt as "dea-sheirbhís" mar cheannaire an airm a chuir i gcoinne ionradh Éadbhaird Brús ar Chill Dara.

Mharaigh na Sasanaigh Éadbhard Brús ag cath Fhochairde ar 14 Deireadh Fómhair 1318.

Toradh[athraigh | athraigh vicithéacs]

"Cé gur briseadh ar Eadbhard Brús agus gur maraíodh é sa bhliain 1318, is fada a chuaigh an toradh a tháinig ar an ionradh. Tháinig athrú ar leathnú na nAngla-Normánach in Éirinn agus sa dara leath de na meánaoiseanna, tháinig athbheochan ar litríocht na nGael agus cultúr na nGael faoi bhláth. An tráth céanna, ardú meanma a bhí ann do na hAlbanigh an cath a chur ar na Sasanaigh in Allt nam Breac, rud a réitigh an bealach don náisiún neamhspleách."[4]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]