Ealaín nua-aoiseach
Úsáidtear an téarma seo ar na gluaiseachtaí forásacha san ealaín sa 19ú-20ú céad. Níltear ar aon intinn an é Goya nó Manet an chéad phéintéir nua-aoiseach, ach is cinnte gur chuir ealaíontóirí cosúil le Cézanne, Gauguin, van Gogh, Ensor is Munch i gcoinne an healaíne traidisiúnta ar bhealaí éagsúla faoi dheireadh an 19ú céad. Mar shampla, cheistigh siad péintéireacht nádúraíoch an fhigiúir, agus an pheirspictíocht mar a tuigeadh le linn na hAthbheochana í.
Faoina dtionchar siúd tháinig glúin nua péintéirí chun cinn timpeall 1904-1905 i bPáras (Rouault, Matisse is Picasso) agus Dresden (Kirchner, Heckel is Schmitt-Rotluff). Shaothraigh Picasso is Braque an Ciúbachas (1906-1908), gluaiseacht a d'fhág lorg an-tábhachtach ar fud an Domhain.
Dhruid grúpa an Blaue Reiter i München amach a thuilleadh fós ón aithris, agus tháinig ealaín iomlán teibí chun cinn i saothar Kandinsky is Klee. Mar shampla, i Moscó i 1917 shaothraigh Malevich ealaín theibí ar thug sé Uachtarachas uirthi. Faoi 1916 bhí gluaiseacht nihileach eile ag teacht chun cinn i Zürich, an Dadachas.
Rinne an ghluaiseacht seo ionsaí ar luachanna uile na healaíne, ach chuir go suntasach go luath le smaointe na nOsréalaithe, a lainseáil a bhforógra ar na healaíona i 1924.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ealaín nua-aoiseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |